
Roinn na Gaeilge
Múintear an Ghaeilge go gach leibhéal i Scoil Phobail na Dúghlaise. Sa Teastas Sóisir, tá ranganna Ardleibhéil, Gnáthleibhéil agus Bonnleibhéil againn. Sna ranganna Ardteistiméireachta leanann an chuid is mó de na daltaí na cúrsaí Ardleibhéil nó Gnáthleibhéil, agus ní thógann ach fíorbheag na daltaí an páipéar Bonnleibhéil.
Seo iad na múinteoirí Gaeilge atá ag obair sa scoil faoi láthair:
Mary Thomason, ón nGlaisín i gcathair Chorcaí; thosnaigh sí ag obair anseo sa bhliain 1990. Roimhe sin bhí sí ag múineadh i Scoil Phobail Bhaile an Chollaigh.
Hazel de Barra, ón nGlaisín; thosnaigh sí ag obair anseo sa bhliain 1997.
Ciarán O Cuanacháin, ó Bhaile na mBocht i gCorcaigh; tháinig sé anseo sa bhliain 1993; roimhe sin bhí sé ag obair i bPobalscoil Naomh Cillian, Brí Chualann, Co. Chill Mantáin.
Conchúr O Drisceoil, ón Sciobairín, Co. Chorcaí; thosnaigh sé ag obair anseo sa bhliain 1972.
Gearóid O Mátharbhuí, ó Chluain Uamha i gCo. Chorcaí; thosnaigh sé ag obair anseo sa bhliain 1978. Roimhe sin bhí sé ag múineadh i Meánscoil na mBráithre Críostaí i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí.
Tá pictiúr anseo