
|
Sonai Choilm Learai |
Johnny Connolly |
Ceol sa Sean Stíl
Dúirt an boscadóir
Tony MacMahon in agallamh raidió cúpla bliain
ó shin gurb é an rud is mó ar domhan
ab fhearr leis a dhéanamh ná a bheith ag
éisteacht le boscadóirí Chonamara.
Is í stíl Dhún na nGall an
stíl áitiúil is láidre
inniu in Éirinn. Áiteanna eile a bhfuil
chlú mhór orthu de bharr a stíl cheoil
ná Sligeach, Liatroim, An Clár agus Sliabh
Luachra. Tá stíleanna eile atá caillte
nó beagnach caillte. Tá fianaise fiú
ó Dhún na Gall agus ó Mhuigheo go
raibh a stíl agus a bhfoinn fhéin ag go leor de
na paróistí éagsúla san
19ú aois, stíl ar cuireadh léi nuair a
thagadh na "travelling musicians" ar cuairt ó
pharóiste go paróiste.
Cad a bhí i gceist ag Tony MacMahon ina agallamh ar an
raidió? Is annamh a mhothaíonn duine guth a
cheantar féin go dtí go dtéann
sé no sí i measc na ndaoine i gceantar eile. I mo
chónaí dhom i Cill Mhanntáin,
d'éist mé go minic leis an gceol ar
Raidió na Gaeltachta. Sheas stíl dhá
bhoscadóirí as Chonamara amach. B'iad sin Johnny
Connolly agus Sonaí Choilm Learaí. Maidir leis na
boscadóirí eile as Chonamara a chuala
mé ag casadh sa sean stíl, daoine
cosúil le PJ Hernon, Tommy Mellott, Marcus
Philbín, ní raibh an rithim nó an
fhuaim ar leith is atá ag Johnny nó
Sonaí acu, silím fhéin. Is
suimiúil gur tháinig an bheirt acu ó
Cheantar na n-Oileán.
Ina leabhar faoin gceol traidisiúnta, Companion to Irish
Traditional Music, tá sé seo le rá ag
Fintan Valleley:
"If barriers to widespread
communication exist, it is reasonable to expect that the dissemination
of a unique style of playing would be local."
Is suimiúl gur as Ceantar na nOileán iad Johnny
Connolly (Inis Bearacháin) agus Sonaí Choilm
Learaí (Corra Bhuí). Is cinnte go raibh
níos mó ná beirt bhoscadóir
Cheantar na nOileán. Níor chuala mé
ceol ach ón beirt atá luaite agam.
B’fhéidir go bhfuil níos mó
samplaí sa mbailiúchán atá
i leabharlann Raidió na Gaeltachta. Ba shuimiúil
freisin a fháil amach an bhfuil tionnchar ag na
damhsóirí sean nóis ar na
ceoltóirí?In agallamh le Sonaí Choilm
Learai* luaigh sé ainmneacha go leor
sean-bhoscadóirí as an cheantar:
"Willie Pheait Myleen, Liam O Flatharta. Saor bád a
bhí ann freisin. Tá a mhac fós ag
tógáil báid i bPoll Uí
Mhuirrin. Bhí triúr sa teach sin ag ceol. Ansin
bhí deartháir a bhean a dtugtar Dudley Rua air,
O'Toole a bhí ann. Deirfiúr a bhí
agam, sé a bhí ag casadh ag a bhainis. Agus
b'álainn agus ba deas an ceoltóir a
bhí ann. Ansin bhí Sonai Thomáis,
thiar i gCaladh Chúlaim. Agus bhí fear eile a
dtugadh siad Cóilin Thomáis air. Agus
bhí Padhraic O Bia, bhí sé ag ceol,
agus bhí Thomas Flaherty, taobh thiar, bhí
sé ag ceol. Bhí an teach is gaire dom anseo,
tugadh tí Tom Tommy air, bhí mac leo sin ag ceol.
Tá sé fhéin básaithe
ó shin, Johnny Tom Tommy a thugadh siad air. Agus
bí Peatí Phad agus bhí Coili Mhairc
Choilm. Agus bhí fear as Baile na Cille, tá
sé ag casadh fós i Chicago anois, Pat Mhac
Choilm, Pat Cloonan.
"Bhí togha an-ceoltóra anseo, cuireadh
inné é, Mylín Liam Mac Donnchadha as
an gCnoc. Bhí fear eile ag casadh i dTír an Fhia,
Pat Willie Ó Gríofa. Ba cheoltóir
breá é."
An mbíodh mná ag casadh an melodeon?
"O bhí. Tá fhios agam go raibh beirt
nó triúr i Leitir Mealláin ag casadh
ar an mbosca. Bhí bean in Doighneas agus thugadh siad Mary
Thaidhg uirthi. Agus ba chuma cá háit a mbiodh
ceol an t-am sin, nó damhsa, nó bainís
nó damhsa seiteanna, ná "draggin' home, teacht
abhaile, i gConamara, ní fhéadfá a
theacht abhaile ach mí tar éis pósadh
- go mbeadh an mhí caite. Oíche mhór
spóirt le ceol agus damhsa a bhíodh inti.
Chuirfí glaoch an t-am sin ar Mary Thaidhg le ceol a casadh.
Is dócha go bhfeadfá a rá go raibh
sí chomh mór le rá anois is le bhean a
bheadh ina TD. Is docha gur bean a bheadh ag casadh ceol go
mbéadh sí níos
tábhachtaí ná fear a bhéadh
ag casadh. (Agus bhí bean eile ansin thall i bPoll
Uí Mhuirrin, tá sí beo fós,
agus bhí sí fhéin ag casadh ar an
mbosca.)"
I gcomhthéacs stíleanna
áitiúla na tíre, is deacair a
chosulach a fháil i gceanntracha eile. Cé go
gcasann Breandán O Beaglaoich as Corca Dhuibhne an melodeon,
mar shampla, níl an stíl céanna aige
is atá ag an mbeirt as Ceantar na nOileán.
Bheadh sé suimiúil éisteacht leis an
mbailiúcháin agus na hagallaimh atá i
leabharlann Raidió na Gaeltachta, go háirithe na
ceoltóirí ó Cheantar na
nOileán.
Tá sé éasca stíl
Dhún na nGall agus a thionchar Albannach a phiocadh amach,
éist le Tommy Peoples agus Mairéad Ní
Mhaonaigh. Tá an "lift" ag Liatroim agus ba é
Michael Coleman laoch Shligigh. Cé go bhfuil na
sleamhnáin agus a polcaí ag Sliabh Luachra,
níor bhreathnaigh daoine ar an saghas seo mar
stíl aitiúil go dtí gur dhean muintir
Chiarraí agóid ar a shon, le cabhair ó
Peter Browne agus Ciarán Mac Mathúna i
Raidió Éireann. Cé a
dhéanas agóid ar son stíl
áitiúil Chonamara?
* Lár Deire Fomhair, 1999.
Home| A Festive Tradition| History of the Pattern|