AINMNEACHA GAELACHA


Liosta réasúnta cuimsitheach d’ainmneacha traidisiúnta atá in úsáid choiteann inniu, i litriú caighdeánaithe, atá anseo. Tá na hainmneacha roinnte ina dhá ngrúpa: (1) ainmneacha de bhunús Gaelach agus (2) ainmneacha a tháinig chugainn ó theangacha eile.
     Tugtar an tuiseal ginideach i ndiaidh an ainm, idir lúibíní (tuigtear go séimhítear ainm dílis sa tuiseal ginideach de ghnáth freisin); aon áit nach luaitear ginideach ar leith is ionann foirm an ghinidigh agus foirm an ainmnigh. Tugtar nóta faoi fhuaimniú an ainm freisin nuair is gá.
     Úsáidtear an nodaireacht seo a leanas sna liostaí:
<  a fréamhaíodh ó
. . .  a thionscain (foirm dhíspeagtha)
  nach ionann agus
/ /  fuaimniú
〈 〉  litir ar leith

Ainmneacha de bhunús Gaelach

Ainmneacha fear

Ailbhe [ainm ban freisin]  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Ailibhe/.
Aodh (Aodha) . . . Aodhán (Aodháin); Hiúdaí
Aonghas (Aonghasa)
Art (Airt)
Barra
Bran (Brain)
Caoimhín
Cathal (Cathail)
Cian (Céin)  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Cí·an/.
Ciarán (Ciaráin)  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Cí·ar·án/.
Cillín
Cóilín
Conall (Conaill) . . . Condaí
Conchúr (Conchúir)  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Conachúr/. Tá dhá fhuaimniú eile ann, go háirithe i gCúige Mumhan: /Cnochúr/ agus /Crochúr/.
Conn (Coinn)
Cormac (Cormaic)  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Coramac/.
Dáire
DáithíDÁIBHÍ
Déaglán (Déagláin)
Deasún (Deasúin)
Diarmaid (Diarmada)
Dónall (Dónaill)
Donncha  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Donnacha/.
Dúghlas (Dúghlais)
Éanna
Eoghan (Eoghain) ≠ EOIN  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Eó·an/.
Fachtna
Féilim
Fiach (Fiaigh)  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Fí·ach/.
Fiacha  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Fí·ach·a/.
Fiachra  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Fí·ach·ra/.
Fionnbharr (Fionnbhairr)
Flann (Flainn)
Iarlaith (Iarlatha)  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Í·ar·la/.
Lorcán (Lorcáin)
Macdara
Maoileachlainn
Niall (Néill)  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Ní·all/.
Oisín
Oscar (Oscair)
Rónán (Rónáin)
Ruairí  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Rú·a·rí/.
Ruán (Ruáin)
Seanán (Seanáin)
Tadhg (Taidhg)
Toirealach (Toirealaigh)  Tá foirm ar leith den ainm seo, Traolach (Traolaigh), i gCúige Mumhan; tá an fhoirm Tarlach (Tarlaigh) ann freisin.
Ultán (Ultáin)

Ainmneacha de bhunús Gaelach

Ainmneacha ban

Ailbhe [ainm fear freisin]  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Ailibhe/.
ÁineANNA
Aislinn, Aisling
Aoibheann (Aoibhne)
Aoife
Béibhinn (Béibhinne)
Bláthnaid (Bláthnaide)
Bríd (Bríde) . . . Brídín
Caoimhe
Clíona  Tabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm seo (comhartha is ea an 〈o〉 gur /n/ leathan atá ann): /Clí·na/.
Dáirine
Damhnait
Dearbháil (Dearbháile)  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Dearabháil/.
Deirbhile  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Deiribhile/.
Doireann (Doirinne)
Éadaoin (Éadaoine)
Eithne
Fionnuala . . . Nuala  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Fionn·ú·a·la/.
Gobnait (Gobnait / Gobnatan)
Gormlaith (Gormlatha)  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Goramla/.
Gráinne
Íde
Lasairíona  Tabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm seo (comhartha is ea an 〈o〉 gur /n/ leathan atá ann): /Las·air·í·na/.
Méabh (Méibhe)
Muireann (Muirinne)
Niamh (Néimhe)  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Ní·amh/.
Órlaith (Órlatha)
Ríonach (Ríonaí)  Tabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm seo (comhartha is ea an 〈o〉 gur /n/ leathan atá ann: /Rí·nach/).
Sadhbh  Is mar /Sabh/ a fhuaimnítear an t-ainm seo i gCúige Chonnacht.
Sorcha  Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /Soracha/.
Úna

Ainmneacha ó theangacha eile

Ainmneacha fear

Aindréas (Aindréis), Aindrias (Aindriasa), Aindriú < Andreios [Gréigis]
Alastar (Alastair) < Alexandros [Gréigis]
Amhlaoibh < Óláfr [Lochlainnis]
Anraí < Henry
Antaine < Anthony
Beartla, Beairtle < Parthalán < Bartholomaeus [Laidin]
Breandán (Breandáin) < Brendanus [Laidin] < Bréanann [Sean-Ghaeilge]
Brian (Briain) [ón mBreatnais, b’fhéidir]  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Brí·an/.
Cionaodh (Cionaoidh) [ón gCruithnis, b’fhéidir]
Colm (Coilm) . . . Colmán (Colmáin) < Columba / Columbanus [Laidin]  Tabhair faoi deara an guta cúnta sna hainmneacha seo: /Colam/, /Colamán/.
Críostóir (Críostóra) < Christopher
Dáibhí < DavidDÁITHÍ
Éamann (Éamainn) < Edmund
Eoin < Iohannes [Laidin] ≠ EOGHAN  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Eó·in/.
Gearard (Gearaird) < Gerard
Gearóid, Gearalt (Gearailt) < Gerald
Greagóir (Greagóra) < Gregory
Labhrás (Labhráis) < Laurence
Liam < William  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Lí·am/.
Maghnas (Maghnais) < Magnus [Lochlainnis < Laidin]
Máirtín < Martin
Maitiú, Maitias (Maitiais) < Mathaios [Gréigis] < Mattath-Yah [Eabhrais]
Mícheál (Michíl) < Michael
Muiris < Maurice
Nioclás (Niocláis) < Nicholas
Nollaig < Noel
Pádraic, Pádraig < Patricius [Laidin] . . . Pádraigín, Páid, Páidín
Peadar (Peadair) < Peter
Piaras (Piarais) < Piers [Fraincis Normannach]  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Pí·a·ras/.
Pilib < Philip
Pól (Póil) < Paul
Proinsias < Francis  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Proin·sí·as/.
Raghnall (Raghnaill) < Ragnvaldr [Lochlainnis]
Réamann (Réamainn) < Redmond
Riocard (Riocaird), Risteard (Risteaird) < Richard
Roibeard (Roibeaird) < Robert
Séafra, Seathrún (Seathrúin) < Geoffroy [Fraincis Normannach]
Séamas (Séamais) < James
Seán (Seáin) < Jehan [Fraincis Normannach]
Seoirse < George
Seosamh (Seosaimh) < Joseph
Stiofán (Stiofáin) < Stephen  Bhí foirm ar leith den ainm seo, Stiabhna /Stiana/, i gCúige Mumhan.
Tomás (Tomáis) < Thomas
Uinseann (Uinsinn) < Vincent

Ainmneacha ó theangacha eile

Ainmneacha ban

Aifric (Aifrice) < Africa [Laidin]
Anna < Anna [Laidin] ≠ ÁINE . . . Nan, Neans
Bairbre < Barbara [Béarla < Gearmáinis < Laidin]
Caitlín, Caitríona < Catherine . . . Cáit  Tabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm Caitríona (comhartha is ea an 〈o〉 gur /n/ leathan atá ann): /Cait·rí·na/.
Clár < Clare
Eibhlín < Eveline  Tá trí fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /Eibhilín/, /Eidhlín/, agus /Éilín/.
Éilís (Éilíse) < Élise  Tá dhá fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /Éilís/ agus /Eidhlís/.
Máire < Marie . . . Máirín
Maighréad < Margaret  Tá dhá fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /Máiréad/ agus /Muiréad/; oireann an litriú seo don dá fhuaimniú.
Nollaig < Noelle
Nóra < Honora . . . Nóirín
Proinsias < Frances  Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /Proin·sí·as/.
Róis (Róise) < Rose . . . Róisín
Seosaimhín < Josephine
Síle < Cécile / Cecilia
Sinéad < Jeanette
Siobhán < Jehanne [Fraincis Normannach]  Tá dhá fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /Siúán/ agus /Siobhán/.
Treasa < Teresa

Ainmneacha ar leith

      1. Tá foirm ar leith sa Ghaeilge ag ainmneacha áirithe a bhaineann le naoimh agus le pearsana sa Bhíobla, mar seo a leanas:
GnáthainmAinm naoimh
Aindrias / Aindriú Aindrias (Aindréis)
BreandánBréanann (Bréanainn)
MáireMuire
Máirtín / MártanMártan (Mártain)
Maitiú / MaitiasMatha
Seán / EoinEoin
SeosamhIósaf (Iósaif) / Iósaef (Iósaef)

Úsáidtear an t-ainm sa dara colún in ainmneacha institiúidí, sráideanna srl. a tiomnaíodh do dhuine den ainm sin, m.sh. Coláiste Iósaif, Sráid Mhuire.



      2. Chuaigh na sean­ainmneacha Gaelacha i léig toisc Ghalldú na tíre agus toisc bheartas na hEaglaise gan ainm a bhaisteadh ar pháiste ach ainm as féilire na naomh. Rinneadh iad a ath­bheochan mar ghné den ath­bheochan liteartha agus náisiúnta ag deireadh an naoú haois déag, ach tugadh litriú Meán-Ghaeilge dóibh mar aon le fuaimniú Béarla den fhoirm sin (Enda, Brigid, srl.). “Ath-Ghaelaíodh” iad den chuid is mó ina dhiaidh sin, agus is i bhfoirm a réitíonn leis an Nua-Ghaeilge (nó san fhoirm sin mar aon leis an bhfoirm eile) atá siad in úsáid inniu. Ach tá dornán ainmneacha ann nár ath­chruthaíodh sa chaoi sin agus atá fágtha anois ar crochadh idir dhá shaol, go háirithe na hainmneacha seo a leanas:

Litriú coiteannLitriú caighdeánaithe Fuaimniú Nua-Ghaeilge
DeirdreDeirdre/Deiridre/
Cé nach gá aon athrú sa litriú, níor glacadh riamh le fuaimniú Gaeilge den ainm seo. Rinneadh iarracht ar é a ath-Ghaelú trí 〈e〉 fada a dhéanamh den chéad siolla (“Déirdre”), foirm nach bhfuil aon bhunús léi.
EmerÉimhear (Éimhire)/Éimhear/
Tá dhá ath-Ghaelú mí­chearta déanta ar an ainm seo le déanaí: “Eimhear” (atá ag Ó Droighneáin) agus “Éimear.”
FergalFearghal (Fearghail)/Fearaíol/
FergusFearghas (Fearghais)  /Fearaíos/
NessaNeas, Neasa
Ba ar thagairtí sa tsean­litríocht do Chonchúr mac Neasa a bunaíodh ath­bheochan an ainm seo. Níor thuig lucht a ath­bheochana, áfach, gurb é atá san fhoirm Neasa ansin tuiseal ginideach an bhun­ainm, Neas (Nes sa tSean-Ghaeilge). Ach tá glactha le Neasa mar ainm Gaelach anois.



      3. San fhichiú haois cumadh ainmneacha baineanna nua trí athrú a dhéanamh ar ainmneacha fireanna. Cuireadh tús leis an nós seo san ochtú haois déag le “Fiona” (< Fionn) agus ansin sa naoú haois déag le “Patricia” (< Patrick—ach b’fhéidir gur iasacht ón Spáinnis nó ón bPortaingéilis é an t-ainm sin). Ní léir cén fáth ar leanadh leis an nós seo san fhichiú haois, go háirithe maidir le hainmneacha Gaelacha: ní hé nach bhfuil neart ainmneacha cailíní ann cheana. Is cosúil gur cheap daoine freisin go gciallaíonn 〈a〉 ag deireadh ainm gur ainm baineann é, rud atá fíor maidir le hainmneacha de bhunús Laidineach ach atá go hiomlán mícheart maidir leis an nGaeilge.

Ainmneacha BéarlaAinmneacha “Gaeilge”
An litir 〈a〉 curtha le deireadh an ainmFiona < Fionn
Patricia < Patrick
Shauna < Seán
Colma < Colm
Seána, Seona < Seán
Consan deiridh bainte chun críoch le 〈a〉 a chruthúBrenda < BrendanCiara < Ciarán


TUILLEADH EOLAIS
  • Muiris Ó Droighneáin (arna leasú ag Micheál A. Ó Murchú), An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir (dara heagrán), Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1982; ath­chló 1995. Innéacsanna cuimsitheacha Béarla–Gaeilge d’ainmneacha agus sloinnte, iad caighdeánaithe de réir an Chaighdeáin Oifigiúil.
  • Brian Ó Cuív, Aspects of Irish Personal Names, Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1986 [ath­chló as Celtica, iml. 18 (1986), lch 151–184]. Cur síos scolártha ar bhunús agus ar stair ainmneacha Gaelacha.
  • Donnchadh Ó Corráin agus Fidelma Maguire, Irish Names (dara heagrán), Baile Átha Cliath: Lilliput Press, 1990. Bailiúchán d’ainmneacha Sean-Ghaeilge agus cur síos ar a stair; ní foirm chaighdeánach den ainm nua-aimseartha a thugtar i gcónaí.

Ceartuithe agus moltaí chuig

   Leathanach baile