![]() | Leathanach baile | An liosta | ![]() |
Séamas Ó Brógáin
![]() |
| Tá glúine éagsúla d’ainmchláir shráide le feiceáil i mBaile Átha Cliath. Tá ainmchláir uaine agus ainmchláir ghorma ann, an cló Gaelach ar chuid acu agus an cló Rómhánach ar an gcuid eile. I gceantar áirithe tá ainmchláir a bhfuil painéal breise orthu agus Temple Bar air (i mBéarla amháin); i gceantar eile tá an focal Docklands curtha leis na hainmneacha; i gceantar Shráid Thomáis tá ainmchláir nua a chuir comhlacht príobháideach suas, de réir cosúlachta, agus scéim dathanna an chomhlachta sin—dubh agus órdhath—orthu. Tá beartas ann le fada na hainmneacha a bheith go hiomlán i gceannlitreacha (atá i bhfad níos deacra a léamh) agus ansin an t-ainm Gaeilge a bheith i litreacha cúngaithe, sa chaoi go bhfuiltear ábalta a mhaíomh gur ar cóimhéid atá an dá ainm, cé go bhfuil litreacha an ainm Ghaeilge níos lú i ndáiríre, agus níos éadroime. Ar na hainmchláir seo tá ainmneacha Gaeilge atá ceart, mícheart, nó níos measa ná mícheart. (Tá neart drochshamplaí le feiceáil ar shuíomh Phóil Uí Dhuibhir.) Tá sráideanna ann a bhfuil dhá ainm Ghaeilge orthu ar ainmchláir éagsúla (agus na hainmneacha éagsúla sin os comhair a chéile nó in aice a chéile uaireanta); tá sráideanna ann a bhfuil ainmchláir orthu gan aon ainm Gaeilge; tá roinnt sráideanna eile ann nach bhfuil ainmchlár ar bith orthu. |
![]() |
| Ag teastáil: comharthaí sráide a bhféadfadh muintir na cathrach a bheith bródúil astu |
An liosta seoCuireadh tús leis an tionscadal seo sa bhliain 1999, toisc nach raibh aon liosta eile ann. Bhí sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath liosta oifigiúil a thiomsú agus a fhoilsiú, ach ní raibh a dhath le fáil. (Ba sa bhliain 1909 a ghlac an chomhairle cathrach den chéad uair leis an rún sin, agus glacadh leis arís is arís eile i rith nócha bliain.) Bhí roinnt ainmneacha bailithe agus fíoraithe agamsa cheana; agus nuair a dúradh liom den tríú huair i dtréimhse fiche bliain nach mbeadh liosta oifigiúil le fáil go fóill, bheartaigh mé ar an liosta seo agamsa a chomhlánú agus é a fhoilsiú ar an suíomh seo. Ansin sa bhliain 2004, agus an liosta seo chóir a bheith críochnaithe, d’fhoilsigh an chomhairle cathrach a liosta oifigiúil.Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath / Dublin City Streetnames [sic]: English–Irish, Gaeilge–Béarla (Baile Átha Cliath: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 2004) is teideal don leabhrán oifigiúil. Faraor, tá an liosta sin breac le botúin, idir Bhéarla agus Ghaeilge—míthuiscint, mí-aistriú, agus mílitriú. Is léir freisin go nglactar fós leis an mbréag-Ghaelú (leithéidí “Ardán Shiobhán” ar Susan Terrace agus “Plás Liam Mhic Fheorais” ar Willie Bermingham Place), gnás a threisíonn an tuairim choitianta gur códú den Bhéarla atá sa Ghaeilge, seachas teanga ar leith. Ní liosta iomlán é ach an oiread: tá na céadta ainm in easnamh (4,114 ainm atá sa liosta seo; 3,783 atá sa liosta oifigiúil). Feictear dom, dá bhrí sin, gur chóir dom an liosta seo a choinneáil mar acmhainn do phobal na Gaeilge agus é a fheabhsú de réir a chéile, cé nach bhfuil aon stádas oifigiúil aige. Ní léir cén chaoi is fearr plé le haicmí áirithe ainmneacha. An “sráid” í sraith tithe ar cuid í de shráid eile ach a bhfuil ainm ar leith uirthi? Ós rud é go n-úsáidtear na hainmneacha sin mar sheoltaí, feictear dom nach foláir dom iad a chur san áireamh. Maidir le stuaraí agus le “margaí,” le sráideanna príobháideacha, agus le bóithre laistigh d’eastáit tionsclaíocha, ní léir uaireanta cén ceann de na haicmí sin lena mbaineann sráid ar leith. Dealraíonn sé nach bhfuil beartas oifigiúil ann: níl Stuara Grafton, an Bealach Ríoga Ibeirneach ná Lána Bloom sa liosta oifigiúil, ach tá Margadh Dheisceart na Cathrach agus Plás Stokes (bealach príobháideach isteach i gceap oifigí) ann, mar aon le roinnt mhaith bóithre laistigh d’eastáit tionsclaíocha. Toisc nach raibh mé ábalta a dhearbhú go hoifigiúil cé na sráideanna ar leis an gcomhairle cathrach iad, is é an beartas a chuirim i bhfeidhm anseo aitheantas a thabhairt do na háiteanna sin a bhfuil ainm orthu agus a bhfuil cead isteach ag an bpobal iontu an t-am ar fad (de réir m’fhianaise féin). Tá roinnt ainmneacha ann a ngabhann cáilitheoir leo nach bhfuil gá leis (toisc go bhfuil sráid eile athainmnithe nó imithe ar fad) ach a úsáidtear fós sa chruth sin, mar shampla Cumberland Place (North). Cuirim na cáiltheoirí sin idir lúibíní. Na hainmneacha GaeilgeChun foirm cheart Ghaeilge a sholáthar, an chéad rud atá ag teastáil ná brí an ainm. Ní mar a shíltear a bítear! Maidir le Crane Street, mar shampla, cé acu éan nó inneall a bhí ann? Cad is brí le Dame Sreet? Agus féach Bow Lane, West (.i. cam), Bow Lane, East (.i. Elbow), agus Bow Street (.i. Bowes)!1. Tá dornán sráideanna ann agus ainm Gaeilge acu nach bhfuil baint dá laghad aige leis an ainm Béarla ach atá i gcomhaimsir leis an ainm Béarla, mar shampla Sráid Thobar Phádraig (Nassau Street), Sráid Mhic Giolla Mocholmóg (St Michael’s Close). Ní léir cén fáth nach nglacann an liosta oifigiúil leis na hainmneacha sin. 2. Grúpa beag eile a bhfuil an t-údarás céanna leo is ea na hainmneacha sin ar féidir linn “aistriú stairiúil” a thabhairt orthu, is é sin aistriú a rinne pobal na Gaeilge roimh ré na hathbheochana, mar shampla Sráid an Fhíona mar aistriú ar Winetavern Street. 3. Maidir le hainmneacha dílse, idir ainmneacha pearsanta agus ainmneacha áite, ní ghlacaim leis an nós atá coitianta ag an nGaeilge oifigiúil (murab ionann is an Ghaeltacht) ainmneacha gallda a “Ghaelú” agus foirmeacha truaillithe a chruthú nach bhfuil aon bhrí leo, idir (a) fhoirmeacha traslitrithe nach Gaeilge ná Béarla iad (agus a dhéanann ceap magaidh den Ghaeilge), mar shampla “Sráid Dhásain” (Sráid Dawson), “Bóthar Lansdún” (Bóthar Lansdowne), agus (b) na hainmneacha sin ar féidir linn “bréag-aistriú” a thabhairt orthu, a chuireann i gcéill gur ainm Gaelach a bhí ann ar dtús agus gur truailliú den ainm Gaeilge é an t-ainm Béarla, mar shampla “Plás Dhún Sméara” (Plás Beresford). An leabhar Post-Sheanchas (1905 agus 1911) le Seosamh Laoide is bunús le formhór na n-ainmneacha sin, atá le feiceáil fós ar na hainmchláir uaine, agus tá rian den bheartas sin le feiceáil sa liosta oifigiúil. 4. D’ainneoin phointe 3 thuas, glacadh le dornán bréag-aistrithe a bhfuil taithí ag an bpobal orthu (de réir mholtaí an Choimisiún Logainmneacha), mar shampla Sráid Fhearchair (Harcourt Street), Sráid Maoilbhríde (Marlborough Street), cé nach n-aontaím féin leis an mbeartas sin. 5. Tugaim sochar an amhrais don ainm Gaeilge atá ar na hainmchláir (ach é a cheartú nuair is gá) aon áit a mbeadh rogha idir dhá fhoirm inghlactha. Ach baineann fadhb ar leith leis an aicme seo. Is cosúil go bhfuil beartas ag an gcomhairle cathrach na foirmeacha seo freisin a chur ar ceal agus aistriú díreach, nó traslitriú, a chur ina n-áit, mar shampla “Sráid Bhagóid” in ionad Sráid an Rátha, rud atá déanta go córasach sa liosta oifigiúil. (Dar ndóigh, is ainmneacha oifigiúla freisin iad na hainmneacha ar na hainmchláir, agus taithí fhada ag an bpobal ar chuid acu. I ndáiríre, athainmniú atá sa liosta oifigiúil nuair a thugtar ainm atá éagsúil leis an ainm ar na hainmchláir; agus ní léir cén fáth a ndéantar sin mura bhfuil an chéad ainm lochtach ar bhealach éigin.) 6. Sa chás nach raibh aon ainm eile le fáil de réir na tosaíochta thuas, rinne mé iarracht ar aistriú cruinn den ainm Béarla a sholáthar. Tá an t-ádh linn sa mhéid go bhfuil neart taighde déanta cheana ar bhrí agus ar stair na n-ainmneacha. I measc na bhfoinsí foilsithe tá Dublin Street Names Dated and Explained le C. T. McCready (Baile Átha Cliath: Gibbs, 1892; athchló, an Charraig Dhubh: Carraig Books, 1987) agus Dublin Street Names le Paul Clerkin (Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan, 2001). Tá tuilleadh eolais staire in Encyclopaedia of Dublin le Douglas Bennett (dara heagrán, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan, 2005)—cé go bhfuil an iomad botún ann—agus, dar ndóigh, sna leabhair éagsúla ar stair na cathrach. Leabhar deas is ea The Rivers of Dublin le Clair Sweeney (Baile Átha Cliath: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 1991); tá an téacs an-lochtach, ach tá roinnt mhaith eolais ann, chomh maith le léarscáileanna cuimsitheacha. Tá eolas fíorshuimiúil ar stair na n-ainmneacha Gaeilge le fáil in Sráidainmneacha na hÉireann, a chuir Breandán Mac Aodha in eagar (Baile Átha Cliath: an Gúm, 1998), go háirithe san alt “Iniúchadh ar chóras ainmnithe sráideanna” le Bearnard Ó Dubhthaigh. Mar achoimre, is é an beartas atá curtha i bhfeidhm sa liosta seo ná tosaíocht a thabhairt do na foirmeacha seo a leanas, san ord seo: |
| (1) ainm stairiúil (2) aistriú stairiúil (3) aistriú údarach, más ainm dílis é an téarma cáilithe (4) ainm coitianta (5) ainm ar na hainmchláir (ach é a cheartú nuair is gá) (6) aistriú díreach. |
Sa tríú colún den liosta tá nótaí a chuireann brí an ainm in iúl nuair is gá chun an fhoirm Ghaeilge a mhíniú.Foirm na n-ainmneachaMaidir le téarmaíocht agus le pointí áirithe stíle cloím le moltaí an Choimisiún Logainmneacha, a foilsíodh i gcomhar leis na húdaráis áitiúla in Na Leaganacha Gaeilge d’Ainmneacha Sráideanna, Bóithre agus Eastát: Treoirlínte (Baile Átha Cliath: Coimisiún Logainmneacha, 1992).Mar seo a láimhseálaim ainmneacha agus sloinnte: (1) Ainm agus sloinne araon: iad a fhágáil mar a d’úsáid an duine féin iad (mar shampla Bóthar John Field). (2) An sloinne amháin: (a) sloinnte a bhfuil Ó nó Mac mar thús leo ina mbunfhoirm Ghaeilge: iad a infhilleadh mar is gnách (mar shampla Lána Uí Bhroin); (b) sloinnte eile: an “fhoirm ainmfhoclach” a úsáid, más ann dó (mar shampla Sráid an Phiarsaigh). Maidir le logainmneacha iasachta, aon áit a bhfuil easainm seanbhunaithe Gaeilge ann (mar shampla “Eabhrac” [York]), glactar leis. I ngach cás eile—is é sin nuair nach bhfuil ann ach rogha idir easainm Béarla agus an t-ainm sa teanga dhúchais (mar shampla Pembroke [Penfro], Tuscany [Toscana])—is é an t-ainm dúchais a úsáidtear. Maidir le hainmneacha pearsanta agus logainmneacha i nGaeilge na hAlban, cloím leis an litriú údarach ach bainim úsáid sa chomhthéacs seo as an agúid (´) seachas as an ngraif (`) mar shíneadh fada. Is fiú aird a thabhairt ar aicme speisialta d’ainmneacha, mar atá na hainmneacha a thug an uasaicme ar a dtithe móra, go háirithe san ochtú haois déag. Baineadh úsáid go minic as tacar de mhíreanna Fraincise—Beau, Belle nó Bel (álainn), Champ nó Camp (páirc), Mer (an mhuir), Mont (cnocán), Ville (baile), agus Vue (radharc)—mar aon le Field, Mount, Park, Vale, View agus míreanna eile Béarla, chun ainmneacha galánta a chruthú, leithéidí Beaumont, Beauvale, Belcamp, Belleville, Bellevue, Merchamp, Merville; uaireanta eile baineadh úsáid as an sloinne, nó giota de, mar shampla Delville [Delaney], Warrenmount. Aon áit a ndealraíonn sé gur ainmníodh bóthar as teach a raibh ainm dá leithéid sin air, fágaim an t-ainm sin mar atá. De réir ghnás na Gaeilge, ní chuirtear aon teideal le hainm naoimh Bhíobalta ná le hainm naoimh Éireannaigh den Ré Luath-Chríostaí nuair a úsáidtear é chun ainm eile a cháiliú (mar shampla Sráid Mhuire, Port Chaoimhín) ach cuirtear “San” le hainm naoimh eile (mar shampla Lána San Caitríona, Sráid San Proinsias). Ainmníodh grúpa sráideanna sa Rinn as longa Éireannacha a cuireadh go tóin poill le linn an Dara Cogadh Domhanda: Bremen Road srl. (as an City of Bremen), Clonlara Road, Cymric Road, Isolda Road, Kyleclare Road, Leukos Road, agus Pine Road (as an Irish Pine); ainmníodh sráid eile, Kerlogue Road, as long a rinne gníomh daonnachtúil sa tréimhse sin. Is é Bóthar an Cymric srl. atá agamsa, i gcontrárthacht le “Bóthar Cymric” srl. sa liosta oifigiúil, nach léiríonn gurbh as ainmneacha long a ainmníodh na sráideanna sin. Tá taithí fhada ag an bpobal ar ainmneacha cáilithe ar nós Sráid Uí Chonaill Íochtarach, cé go n-oirfeadh “Sráid Íochtarach Uí Chonaill” níos fearr do chomhréir na Gaeilge. (Dála an scéil, is é a chiallaíonn íochtarach ná “níos cóngaraí do lár na cathrach”; ciallaíonn uachtarach “níos faide ó lár na cathrach.”) Cad ba chóir a dhéanamh le cáilitheoirí eile? Tá cuma an-aisteach ar “Sráid Bhríde Nua,” “Sráid na Breataine Bheag,” agus “Sráid Sheoirse Mhór Theas,” atá sa liosta oifigiúil. Is é an beartas atá curtha i bhfeidhm sa liosta seo ná na cáilitheoirí Uachtarach, Láir, Íochtarach, Thuaidh, Theas, Thoir agus Thiar a chur ag deireadh an ainm, mar is gnách, ach aon cháilitheoir eile ar aidiacht é a chur i ndiaidh an téarma aicmigh (Sráid Nua Bhríde, Sráid Bheag na Breataine, Sráid Mhór San Seoirse Theas). BuíochasTáim buíoch de na daoine seo a leanas, a sholáthair eolas, a cheartaigh botúin, nó a phléigh pointí éagsúla liom: Breandán Dalton, Paul Kenny, Dennis King, an Dr Kristoffer Kruken (Ollscoil Oslo), Ian Livingstone, Trish Loughman, Seosamh Mac Ionnrachtaigh, an Dr Vincent Morley, Ciarán Ó Bréartúin, Colm Ó Brógáin, an Dr Caoimhín Ó Donnaíle (Sabhal Mòr Ostaig, an t-Eilean Sgitheanach), agus Pól Ó Duibhir. Táim buíoch go speisialta den Dr N. J. A. Williams (Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath), a chuir liostaí ainmneacha chugam agus eolas ar fhoinsí tábhachtacha.Agus cathracha eile?Tá tionscadal curtha ar bun faoin Northern Ireland Place-Name Project le hainmneacha sráide i mBéal Feirste (agus i mbailte eile an Tuaiscirt) a aistriú go Gaeilge agus a fhoilsiú. I dtaca le Corcaigh tá liosta le fáil anois ar shuíomh gréasáin Leabharlanna Cathrach Chorcaí; chomh maith leis sin tá Coiste Logainmneacha Chorcaí ann (logainmneacha@yahoo.com). Maidir le Luimneach tá liosta oifigiúil ann agus é ar fáil i leabhar an-deas, Limerick City Street Names le Gerry Joyce (Luimneach: Comhairle Cathrach Luimnigh, 1995), ina bhfuil cur síos ar na príomhshráideanna agus a stair. I nDoire tá eolas le fáil ó Dhoire le Dúchas, 37 Mórshráid Shéamais. Maidir le Port Láirge tá Innéacs Sráide agus Bailte Fearainn (Béarla–Gaeilge agus Gaeilge–Béarla), a foilsíodh sa bhliain 1999, le fáil ón gcomhairle cathrach; chomh maith leis sin tá Coiste Logainmneacha Phort Láirge ann (kimber@gofree.indigo.ie). I nGaillimh tá Coiste Logainmneacha ag feidhmiú faoin tionscadal Gaillimh le Gaeilge. |
| Ceartuithe agus moltaí chuig |
![]() | Leathanach baile | An liosta | ![]() |