Ainmneacha sráide Bhaile Átha Cliath

Tabhair faoi deara nach bhfuil aon stádas oifigiúil ag an liosta seo, cé go ndearnadh gach iarracht ar ainmneacha atá cruinn ó thaobh na staire de agus ó thaobh na Gaeilge de a chur ar fáil.

A  B  C  D  E  F  G  H  I  J  K  L  M  N  O  P  Q  R  S  T  U  V  W  X  Y  Z

Eastáit tionsclaíocha


BéarlaGaeilgeNótaí
Abbey CottagesIostáin na Mainistreach
Abbey CourtCúirt na Mainistreach 
Abbey DriveCéide na Mainistreach 
AbbeyfieldGort na Mainistreach 
Abbey ParkPáirc na Mainistreach 
Abbey Street, LowerSráid na Mainistreach ÍochtarachAs Mainistir Mhuire, a bhí anseo.
Abbey Street, MiddleSráid na Mainistreach Láir 
Abbey Street, UpperSráid na Mainistreach Uachtarach 
Abbey Street, OldSeansráid na Mainistreach
Abbotstown AvenueAscaill Bhaile an Aba 
Abbotstown DriveCéide Bhaile an Aba 
Abbotstown RoadBóthar Bhaile an AbaAs an mbaile fearainn.
Abercorn RoadBóthar Obar ChúirnidhAs teideal Sasanach (James Hamilton, “Duke of Abercorn,” Fear Ionaid an Rí), a bunaíodh ar ainm áite in Albain (sráid­bhaile agus paróiste i Lodainn an Iar).
Abercorn SquareCearnóg Obar Chúirnidh 
Abercorn TerraceArdán Obar Chúirnidh 
Aberdeen StreetSráid Obar DheathainAs teideal Sasanach (John Campbell Gordon, “Marquis of Aberdeen,” Fear Ionaid an Rí), a aimníodh as an áit in Albain.
Achill RoadBóthar AclaCeann de ghrúpa sráideanna i nGlas Naíon a ainmníodh as oileáin.
Acres Road [Páirc an Fhionnuisce]Bóthar na nAcraí 
Adair CourtCúirt Adair“Cúirt Uí Dháire” atá sa liosta oifigiúil.
Adair LaneLána AdairAs an sloinne, gan dabht. “Lána Uí Dháire” atá sa liosta oifigiúil.
Adair TerraceArdán Adair
Adam CourtCúirt AdamAs an sloinne, is dócha.
Adare AvenueAscaill Áth Dara 
Adare DriveCéide Áth Dara 
Adare GreenFaiche Áth Dara 
Adare ParkPáirc Áth Dara 
Adare RoadBóthar Áth Dara 
Addison PlacePlás Addison
Addison RoadBóthar Addison 
Adelaide CourtCúirt Adelaide 
Adelaide MewsEachlann Adelaide 
Adelaide RoadBóthar AdelaideAs bean Rí William IV Shasana.
Adelaide TerraceArdán Adelaide 
Adrian AvenueAscaill AdrianAs duine de mhuintir an tógálaí, is dócha.
Aideen AvenueAscaill ÉadaoineFoirm mhícheart, “Ascaill [srl.] Éadaoin,” atá sa liosta oifigiúil.
Aideen DriveCéide Éadaoine
Aideen PlacePlás Éadaoine
Aikenhead TerraceArdán Aikenhead 
AilesburyAylesbury 
Ailesbury DriveCéide Aylesbury 
Ailesbury GardensGairdíní Aylesbury 
Ailesbury GroveGarrán Aylesbury 
Ailesbury LaneLána Aylesbury
Ailesbury MewsEachlann Aylesbury 
Ailesbury ParkPáirc Aylesbury 
Ailesbury RoadBóthar AylesburyAs teideal Sasanach (Ailesbury), a ainmníodh as an mbaile mór.
Airfield CourtCúirt Airfield 
Airfield ParkPáirc Airfield 
Airfield RoadBóthar AirfieldIs é is dóichí gur ainmníodh na sráideanna seo as tithe móra darbh ainm Airfield. “Bóthar [srl.] Bhán an Aeir” atá sa liosta oifigiúil.
Aisling CloseClós Aisling“Clós Aislinge” atá sa liosta oifigiúil.
Albany RoadBóthar na hAlbanAithris ar cheantar i Londain, a ainmníodh as teideal Sasanach (a bunaíodh ar ainm na hAlban). “Bóthar Alban” atá sa liosta oifigiúil.
Albert College AvenueAscaill Choláiste AlbertAs Albert College (Oll­scoil Chathair Bhaile Átha Cliath anois), a ainmníodh as Albert Saxe-Coburg-Gotha, fear céile Bhanríon Victoria Shasana. Bréag-Ghaeilge áiféiseach, “Ascaill [srl.] Choláiste Ailbhe,” atá sa liosta oifigiúil.
Albert College CrescentCorrán Choláiste Albert
Albert College DriveCéide Choláiste Albert
Albert College GroveGarrán Choláiste Albert
Albert College LawnPlásóg Choláiste Albert
Albert College ParkPáirc Choláiste Albert
Albert Court (East)Cúirt AlbertAs Albert Saxe-Coburg-Gotha, fear céile Bhanríon Victoria Shasana. “Cúirt [srl.] Ailbhe” atá sa liosta oifigiúil.
Albert Place, EastPlás Albert Thoir
Albert Place, WestPlás Albert Thiar
Albert TerraceArdán Albert
Aldborough ParadeParáid Aldborough 
Aldborough PlacePlás AldboroughAs an teach darb ainm Aldborough House, a ainmníodh as teideal Sasanach (Edward Stratford, “Viscount Aldborough”). Ainmníodh Amiens Street as an duine céanna.
Aldborough SquareCearnóg Aldborough
Aldrin WalkSiúlán AldrinAs Edwin “Buzz” Aldrin; ceann de ghrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha agus a dturas chun na Gealaí.
Alexander TerraceArdán Alexander 
Alexandra RoadBóthar AlexandraAs Alexandra Oldenburg, bean mhic Bhanríon Victoria Shasana.
Alexandra Road ExtensionSíneadh Bhóthar Alexandra 
Alexandra Terrace [dhá cheann]Ardán Alexandra 
Alfie Byrne RoadBóthar Alfie Byrne“Bóthar Ailf Uí Bhroin” atá sa liosta oifigiúil.
Allen TerraceArdán AllenAs teideal Sasanach (John Allen, “Viscount Allen,” a raibh teach aige anseo).
Allingham StreetSráid Allingham 
All Saints’ DriveCéide na Naomh“Céide na Naomh Uile” atá sa liosta oifigiúil. Ní fios cén fáth a moltar an fhoirm sin i gcomhair an dá shráid seo ach an fhoirm thraidisiúnta i gcomhair All Saints’ Road.
All Saints’ ParkPáirc na Naomh“Páirc na Naomh Uile” atá sa liosta oifigiúil.
All Saints’ RoadBóthar na Naomh 
Alma CourtCúirt Alma 
Alma TerraceArdán AlmaAs Cath Alma (1854) i gCogadh na Crimé, a ainmníodh as an abhainn ansin.
Almeida AvenueAscaill AlmeidaAs Léigear Almeida (1810) i gCogadh na Leithinse.
Almeida TerraceArdán Almeida 
Alone WalkSiúlán AloneAs an gcarthanas darb ainm “Alone,” a bhunaigh Willie Bermingham sa bhliain 1977. (Tá Willie Bermingham Place ann freisin.)
AlvernoAlverno 
Amiens StreetSráid AmiensAs teideal Sasanach (Edward Stratford, “Viscount Amiens”), a ainmníodh as an gcathair sa Fhrainc. Ainmníodh Aldborough Place srl. as an duine céanna. (Is mar rím le “Damien’s” a fhuaimnítear an t-ainm seo i mBaile Átha Cliath.)
Anglesey RoadBóthar Inis MónAn mílitriú “Anglesea,” agus “Bóthar Anglesea,” atá sa liosta oifigiúil.
Anglesey RowRae Inis MónAn mílitriú “Anglesea,” agus “Rae Anglesea,” atá sa liosta oifigiúil.
Anglesey StreetSráid Inis MónAs teideal Sasanach (Arthur Annesley, “Earl of Anglesey,” tiarna talún sa cheantar seo), a ainmníodh as an gceantar sa Bhreatain Bheag. “Sráid Mhón” atá ar na hainm­chláir; an mílitriú “Anglesea,” agus “Sráid Anglesea,” atá sa liosta oifigiúil.
Annadale AvenueAscaill Annadale
Annadale CrescentCorrán Annadale
Annadale DriveCéide AnnadaleAs an mbaile fearainn i gCo. Chiarraí, is dócha. Is cosúil nach bhfuil ainm Gaeilge ann.
Annaly RoadBóthar na hAnaíleAs an áit i gCo. an Longfoirt, is dócha. Níl foirm oifigiúil Ghaeilge an ainm sin socraithe.
Annamoe DriveCéide Áth na mBó 
Annamoe ParadeParáid Áth na mBó
Annamoe ParkPáirc Áth na mBó 
Annamoe RoadBóthar Áth na mBó 
Annamoe TerraceArdán Áth na mBó 
Anna VillaAnna Villa“Annabhile” atá ar na hain­mchláir nua.
Anner RoadBóthar na hAnnúireIn onóir Charles Kickham, a scríobh na focail “She lived beside the Anner” san amhrán “The Irish Peasant Girl.” (Tá Kickham Road sa cheantar céanna.)
Anne’s LaneLána Anna 
Annesley AvenueAscaill Annesley 
Annesley Bridge RoadBóthar Dhroichead AnnesleyAs Richard Annesley.
Annesley ParkPáirc Annesley 
Annesley PlacePlás na TulchannAr na hainm­chláir (as an abhainn anseo). “Plás Annesley” atá sa liosta oifigiúil.
Anne Street, NorthSráid Anna ThuaidhAs Gild Anna (gild na mbáicéirí), ar leis na tailte anseo sa Mheánaois.
Anne Street, SouthSráid Anna TheasAs Eaglais Anna i Sráid Dawson.
Apollo WayBealach an ApolloAs an spáslong Apollo; ceann de ghrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha agus a dturas chun na Gealaí. “Bealach Apollo” atá sa liosta oifigiuil.
Appian Closean Clós Appiach
Appian Wayan Bealach AppiachAs an Via Appia ón Róimh go Brindisi (a ainmníodh as Appius Claudius Caecus). “Bealach Aipiach” atá sa liosta oifigiúil.
Arbour HillCnoc an ArbhairDe réir na staraithe—ina measc Clerkin, Dublin Street Names (2001)—is é an t-ainm Gaeilge seo an bun­ainm agus is truailliú den ainm sin é an t-ainm Béarla. Tá sé deacair sin a chreidiúint agus is é is dóichí gur a mhalairt atá fíor; is léir freisin ó shean­phictiúir gur chnocán agus coill bheag air a bhí anseo, seachas gort arbhair. Tá an t-ainm “Cnoc an Earbhair” (focal gan bhrí) á úsáid go hoifigiúil freisin; “Cnoc an Earbour” (sic) atá ar na hainm­chláir. (Tá baile fearainn darb ainm Arbourhill i gCo. Thiobraid Árann agus “Cnoc an Earbair” mar ainm oifigiúil Gaeilge air.)
Arbour PlacePlás an Arbhair 
Arbour TerraceArdán an Arbhair 
Arbutus AvenueAscaill na Caithne 
Arbutus PlacePlás na Caithne 
Ardagh RoadBóthar Ardach 
Ardara AvenueAscaill Ard an Rátha 
Ardbeg CrescentCorrán an Aird Bhig 
Ardbeg DriveCéide an Aird Bhig 
Ardbeg ParkPáirc an Aird Bhig 
Ardbeg RoadBóthar an Aird Bhig 
Ardcollum AvenueAscaill Ard Cholm 
Ardee GroveGarrán Bhaile Átha Fhirdhia 
Ardee RoadBóthar Bhaile Átha Fhirdhia 
Ardee RowRae Bhaile Átha Fhirdhia 
Ardee StreetSráid Bhaile Átha FhirdhiaAs teideal Sasanach (Edward Brabazon, “Baron Ardee”), a ainmníodh as an mbaile i gCo. Lú.
Ardilaun RoadBóthar Ardoileáin 
Ardilaun SquareCearnóg ArdoileáinAs teideal Sasanach (Arthur Guinness, “Baron Ardilaun”), a ainmníodh as áit i gCo. na Gaillimhe.
Ardlea RoadBóthar Ard LiathAs an mbaile fearainn i gCo. Laoise, b’fhéidir. Níl foirm oifigiúil Ghaeilge an ainm sin socraithe.
Ardmore AvenueAscaill an Aird Mhóir 
Ardmore CloseClós an Aird Mhóir 
Ardmore CrescentCorrán an Aird Mhóir 
Ardmore DriveCéide an Aird Mhóir 
Ardmore GroveGarrán an Aird Mhóir 
Ardmore ParkPáirc an Aird Mhóir 
Ard na MealaArd na Meala 
Ardpatrick RoadBóthar Ard PádraigAs an sráid­bhaile i gCo. Luimnigh; ceann de ghrúpa sráideanna sa Chabrach a ainmníodh as láithreacha mainistreach den Ré Luath-Chríostaí nó áiteanna a gcreideadh tráth go raibh baint acu le Pádraig Naofa.
Ard Righ PlacePlás an ArdríFoirm mhícheart, “Plás Ard Rí,” atá sa liosta oifigiúil.
Ard Righ RoadBóthar an ArdríFoirm mhícheart, “Bóthar Ard Rí,” atá sa liosta oifigiúil.
Argyll RoadBóthar Earra-Ghaidheal“Argyle Road” agus “Bóthar Earra Ghaidheal” atá sa liosta oifigiúil.
Arklow StreetSráid an Inbhir Mhóir 
Armagh RoadBóthar Ard MhachaCeann de ghrúpa sráideanna i gCromghlinn a ainmníodh as deoisí.
Armstrong StreetSráid ArmstrongAs Richard Owen Armstrong, duine de stiúrthóirí an Artisans’ Dwellings Company.
Armstrong WalkSiúlán ArmstrongAs Neil Armstrong; ceann de ghrúpa sráideanna sa Chúlóg a ainmníodh as spásairí Meiriceánacha agus a dturas chun na Gealaí.
Arnott StreetSráid ArnottAs John Arnott. “Sráid Arnóid” atá ar na sean-ainmchláir.
Arranmore AvenueAscaill Árainn Mhór 
Arranmore RoadBóthar Árainn Mhór 
Arran QuayCé Árann 
Arran Quay TerraceArdán Ché Árann 
Arran RoadBóthar ÁrannCeann de ghrúpa sráideanna i nGlas Naíon a ainmníodh as oileáin.
Arran Street, EastSráid Árann ThoirAs teideal Sasanach (Charles Butler, “Earl of Arran”), a ainmníodh as an oileán in Albain.
Arran Street, WestSráid Árann Thiar 
Artane Cottages, LowerIostáin Ard Aidhin ÍochtarachaIs é “Artaine” litriú oifigiúil an ainm Bhéarla.
Artane Cottages, UpperIostáin Ard Aidhin Uachtaracha
Asdill’s RowRae AsdillAs John Asdill. “Rae Asgadail” (focal gan bhrí) atá ar na hainmchláir.
Ashbrook [dhá cheann]Sruthán na Fuinseoige 
Ashbrook TerraceArdán Shruthán na Fuinseoige
AshcroftCroit na Fuinseoige 
Ashdale AvenueAscaill Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashdale GardensGairdíní Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashdale ParkPáirc Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashdale RoadBóthar Ghleanntán na Fuinseoige 
Ashfield AvenueAscaill Ghort na Fuinseoige 
Ashfield ParkPáirc Ghort na Fuinseoige 
Ashfield RoadBóthar Ghort na Fuinseoige 
Ashford CottagesIostáin Áth na Fuinseoige
Ashford PlacePlás Áth na Fuinseoige
Ashford StreetSráid Áth na FuinseoigeAs an mbaile i gCo. Chill Mhantáin, b’fhéidir.
Ash GroveGarrán na Fuinseoige 
Ashgrove LodgeLóiste Gharrán na Fuinseoige 
Ashington AvenueAscaill Ashington 
Ashington CloseClós Ashington 
Ashington CourtCúirt Ashington 
Ashington CrescentCorrán Ashington 
Ashington DaleGleanntán Ashington 
Ashington GardensGairdíní Ashington 
Ashington GreenFaiche Ashington 
Ashington GroveGarrán Ashington 
Ashington HeathFraoch Ashington 
Ashington MewsEachlann Ashington 
Ashington ParkPáirc Ashington 
Ashington RiseArd Ashington 
Ashmount CourtCúirt Chnocán na Fuinseoige 
Ash StreetSráid an ÁsaighAs an sloinne, is dócha. “Sráid na Fuinseoige” atá sa liosta oifigiúil.
Ashtown Gate Road [Páirc an Fhionnuisce]Bóthar Gheata Bhaile an Ásaigh 
Ashtown GroveGarrán Bhaile an Ásaigh 
Ashtown RoadBóthar Bhaile an Ásaigh 
Ashtown VillasBailtíní Bhaile an Ásaigh
Ashworth PlacePlás Ashworth 
Aston PlacePlás Aston 
Aston QuayCé AstonAs Henry Aston. Aston’s Quay an t-ainm oifigiúil.
Athlumney VillasBailtíní Áth LuimnighAs an mbaile fearainn i gCo. na Mí.
Auburn AvenueAscaill Achadh na Gréine 
Auburn RoadBóthar Achadh na Gréine 
Auburn StreetSráid Achadh na GréineAs sráid­bhaile i gCo. na hIarmhí, a raibh Sunfield (aistriú den ainm Gaeilge) mar ainm Béarla air níos luaithe. De réir Walsh (The Place­names of West­meath, 1915), sa bhliain 1805 chuir John Hogan faoi anseo agus thug an t-ainm Auburn ar a áit chónaithe, toisc go gcreidtear gur bhunaigh Goldsmith The Deserted Village (1770) ar an gceantar seo.
Auburn TerraceArdán Achadh na Gréine
Auburn VillasBailtíní Achadh na Gréine 
Auburn WalkSiúlán Achadh na Gréine
Aughavannagh RoadBóthar Achadh MheánachAs an mbaile fearainn (Aghavannagh) i gCo. Chill Mhantáin.
Aughrim CourtCúirt Eachroma
Aughrim LaneLána Eachroma 
Aughrim PlacePlás Eachroma 
Aughrim StreetSráid EachromaAs Cath Eachroma (1691) i gCo. na Gaillimhe.
Aughrim VillasBailtíní Eachroma
Aulden GrangeGráinseach Aulden 
Aungier LaneLána Aungier
Aungier PlacePlás Aungier
Aungier StreetSráid AungierAs Francis Aungier. (Is mar rím le “danger” a fhuaimnítear an sloinne seo.) “Sráid Ainséir” atá ar na hainm­chláir. Bhí an t-ainm Gaeilge “Sráid Thomáis Uí Mhórdha” á úsáid ag Oifig an Phoist i drtús an fhichiú haois (mar chomóradh ar Thomas Moore, a rugadh sa tsráid seo).
Austin’s CottagesIostáin Mhic AibhistínAs an sloinne, is dócha.
Ave Maria RoadBóthar Ave MariaCeann de ghrúpa sráideanna sa Charnán a ainmníodh i “mBliain Mhuire” (1954).
Avenue RoadBóthar na hAscaille 
Avila ParkPáirc Avila 
Avila Park GardensGairdíní Pháirc Avila“Avila Gardens,” agus “Gairdíní Avila,” atá sa liosta oifigiúil.
Avondale AvenueAscaill AvondaleAs an teach gar do Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin, in onóir Charles Stewart Parnell. “Ascaill Ghleannabhainn” [sic] atá ar na hainmchláir.
Avondale ParkPáirc Avondale 
Avondale RoadBóthar Avondale 
Ayrfield AvenueAscaill Ayrfield 
Ayrfield CourtCúirt Ayrfield 
Ayrfield DriveCéide Ayrfield 
Ayrfield GroveGarrán Ayrfield 
Ayrfield ParkPáirc Ayrfield 
Ayrfield PlacePlás Ayrfield 
Ayrfield RoadBóthar AyrfieldAn litriú “Ayrefield,” agus “Bóthar [srl.] Bhán an Aeir,” atá sa liosta oifigiúil.
Bachelor’s WalkSiúlán BachelorAs an sloinne. “Casán Bhaitsiléir” atá ar na hainm­chláir. An mílitriú “Bachelors Walk,” agus “Siúlán Bhaitsiléir,” atá sa liosta oifigiúil.
Bachelor’s WayBealach Bachelor
Back Lane [dhá cheann]an Lána Cúil
Baggot CloseClós Bhagóid 
Baggot CourtCúirt Bhagóid 
Baggot LaneLána Bhagóid 
Baggotrath PlacePlás Ráth BhagóidAs Robert Bagod.
Baggot RoadBóthar Bhagóid 
Baggot Street, LowerSráid an Rátha ÍochtarachAr na hainmchláir. (Manor of the Rath an t-ainm a bhí ar an gceantar seo, ansin Baggotrath, as an sloinne.)
Baggot Street, UpperSráid an Rátha Uachtarach
Baggot TerraceArdán Bhagóid
Bailey’s RowRae Bailey 
Balbutcher DriveCéide Bhaile Bhúiséir 
Balbutcher LaneLána Bhaile BhúiséirAs an mbaile fearainn.
Balbutcher WayBealach Bhaile Bhúiséir 
Balcurris GardensGairdíní Bhaile Cora 
Balcurris RoadBóthar Bhaile CoraAs an mbaile fearainn.
Balfe AvenueAscaill an BhailfighAs Michael William Balfe, cumadóir; ceann de ghrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Balfe RoadBóthar an Bhailfigh 
Balfe Road, EastBóthar an Bhailfigh Thoir 
Balfe StreetSráid an BhailfighAs Michael William Balfe, cumadóir, a rugadh sa tsráid seo.
Ballsbridge AvenueAscaill Dhroichead na Dothra 
Ballsbridge ParkPáirc Dhroichead na Dothra
Ballsbridge TerraceArdán Dhroichead na Dothra 
Ballsbridge WoodCoill Dhroichead na Dothra
Ball’s LaneLána Ball“Lána Bhál” atá sa liosta oifigiúil.
Ballyboggan RoadBóthar Bhaile Uí BhogáinAs an mbaile fearainn.
Ballybough AvenueAscaill an Bhaile Bhoicht 
Ballybough CourtCúirt an Bhaile Bhoicht
Ballybough LaneLána an Bhaile Bhoicht
Ballybough RoadBóthar an Bhaile Bhoicht 
Ballyfermot AvenueAscaill Bhaile Formaid 
Ballyfermot CrescentCorrán Bhaile Formaid 
Ballyfermot DriveCéide Bhaile Formaid 
Ballyfermot ParadeParáid Bhaile Formaid 
Ballyfermot RoadBóthar Bhaile Formaid 
Ballygall AvenueAscaill Bhaile Gall 
Ballygall CrescentCorrán Bhaile Gall 
Ballygall ParadeParáid Bhaile Gall 
Ballygall PlacePlás Bhaile Gall 
Ballygall Road, EastBóthar Bhaile Gall Thoir 
Ballygall Road, WestBóthar Bhaile Gall Thiar 
Ballyhoy AvenueAscaill Bhaile Uí EochaidhAs an mbaile fearainn.
Ballymount Road, LowerBóthar Bhaile an Mhóta Íochtarach 
Ballymun RoadBóthar Bhaile Munna 
Ballyneety RoadBóthar Bhaile an FhaoitighAs an mbaile i gCo. Luimnigh; ceann de ghrúpa sráideanna i mBaile Formaid a ainmníodh as áiteanna agus eachtraí a raibh baint acu le Patrick Sarsfield.
Ballyshannon AvenueAscaill Bhéal Átha Seanaidh 
Ballyshannon RoadBóthar Bhéal Átha Seanaidh 
BalnagowanBaile na nGabhannAs an sráidbhaile (Baile nan Gobhann) i Siorrachd Rois, is dócha.
Bangor DriveCéide Bheannchair 
Bangor RoadBóthar Bheannchair 
Banna VillaBailtín na BeannaíAs an gceantar i gCo. Chiarraí, b’fhéidir. “Bannaville” (Béarla agus Gaeilge) atá sa liosta oifigiúil.
Bannow RoadBóthar Bhanú 
Bann RoadBóthar na Banna 
Bantry RoadBóthar Bheanntraí 
Bargy RoadBóthar Uí BairrcheAs an mbarúntacht i gCo. Loch Garman. (Tá Forth Road anseo freisin.) Foirm mhí­cheart, “Bóthar Uí Bhairche,” atá sa liosta oifigiúil. Log­ainm is ea Uí Bairrche, ceann de na hainmneacha sin (Uí Fiachra, Uí Maine, srl.) ar ainmneacha treibhe iad; meancóg is ea é ainm den chineál sin a shéimhiú ar nós sloinne san uimhir uatha.
Barnamore CrescentCorrán Bhearna Mhór 
Barnamore GroveGarrán Bhearna Mhór 
Barnamore ParkPáirc Bhearna MhórSa liosta oifigiuil.
Barrack LaneLána na Beairice 
Barron PlacePlás an Bharúnaigh“Plás Bharúin” atá sa liosta oifigiúil.
Barrow RoadBóthar na Bearú 
Barrow StreetSráid na Bearú 
Barry AvenueAscaill an Bharraigh 
Barry CloseClós an Bharraigh 
Barry DriveCéide an Bharraigh 
Barry GreenFaiche an Bharraigh 
Barry ParkPáirc an Bharraigh 
Barry RoadBóthar an Bharraigh 
Barry’s Court RoadBóthar Chúirt an Bharraigh“Barryscourt Road” atá sa liosta oifigiúil.
Basin Street, LowerSráid an Umair ÍochtarachAr na hainmchláir; as Umar na Cathrach, a bhí anseo tráth. “Sráid [srl.] an Taiscumair” atá sa liosta oifigiúil.
Basin Street, UpperSráid an Umair Uachtarach
Basin ViewRadharc an Umair
Bass PlacePlás Bass 
Bath AvenueAscaill na bhFolcadán 
Bath Avenue GardensGairdíní Ascaill na bhFolcadán 
Bath Avenue PlacePlás Ascaill na bhFolcadán 
Bath LaneLána na bhFolcadán 
Bath StreetSráid na bhFolcadán 
Baymount ParkPáirc Chnocán an Chuain 
Bayview AvenueAscaill Radharc an Chuain 
Beach AvenueAscaill an Chladaigh 
Beach DriveCéide an Chladaigh 
Beach RoadBóthar an Chladaigh 
Beaconsfield CourtCúirt BeaconsfieldAs teach agus eastát Edmund Burke i mBuckingham­shire, is dócha. (Is é “Beckons­field” fuaimniú traidisiúnta an ainm sin.) Is é Beacons­field an teideal a bhí ag Benjamin Disraeli freisin.
Beatty’s AvenueAscaill Beatty“Ascaill an Bhiataigh” atá sa liosta oifigiúil.
Beaumont CrescentCorrán Beaumont 
Beaumont GroveGarrán Beaumont 
Beaumont RoadBóthar BeaumontAs an mbaile fearainn. Pucks­town Road (as an mbaile fearainn sin) ab ainm don bhóthar seo tráth, agus is cosúil go bhfuil an t-ainm “Bóthar Bhaile Phúca” á úsáid ag daoine áirithe sa cheantar.
Beauvale ParkPáirc an Ghleanntáin Álainn“Páirc Beauvale” atá sa liosta oifigiúi.
Beaver CloseClós BeaverAs an sloinne, is dócha. Mí­thuiscint is cúis leis an bhfoirm “Clós na mBéabhar,” atá sa liosta oifigiúil.
Beaver RowRae na mBéabharAs monarcha hataí a bhí anseo.
Beaver StreetSráid BeaverAs an sloinne, is dócha. Mí­thuiscint is cúis leis an bhfoirm “Sráid na mBéabhar,” atá sa liosta oifigiúil.
Bedford CourtCúirt Bedford
Bedford LaneLána Bedford
Bedford RowRae BedfordAs teideal Sasanach (John Russell, “Duke of Bedford,” Fear Ionaid an Rí), a ainmníodh as an mbaile mór.
Beechbrook GroveGarrán Shruthán na Feá 
Beechdale MewsEachlann Ghleanntán na Feá 
the Beechesna Feánna 
Beech Hill AvenueAscaill Chnoc na Feá 
Beech Hill CrescentCorrán Chnoc na Feá 
Beech Hill DriveCéide Chnoc na Feá 
Beech Hill RoadBóthar Chnoc na Feá 
Beech Hill TerraceArdán Chnoc na Feá 
Beech Hill VillasBailtíní Chnoc na Feá 
Beechlawn AvenueAscaill Phlásóg na Feá 
Beechlawn CloseClós Phlásóg na Feá 
Beechlawn GreenFaiche Phlásóg na Feá 
Beechlawn GroveGarrán Phlásóg na Feá 
Beechlawn WayBealach Phlásóg na Feá 
Beechpark AvenueAscaill Pháirc na Feá 
Beechpark CourtCúirt Pháirc na Feá 
Beechwood Avenue, LowerAscaill Choill na Feá Íochtarach 
Beechwood Avenue, UpperAscaill Choill na Feá Uachtarach 
Beechwood ParkPáirc Choill na Feá 
Beechwood RoadBóthar Choill na Feá 
Belcamp AvenueAscaill BelcampAs an mbaile fearainn, is dócha, agus an teach darbh ainm Belcamp Park, ina raibh cónaí ar Henry Grattan tráth.
Belcamp CrescentCorrán Belcamp 
Belcamp GardensGairdíní Belcamp 
Belcamp GreenFaiche Belcamp 
Belcamp GroveGarrán Belcamp 
Belcamp LaneLána Belcamp 
Belclare CrescentCorrán Bhéal Chláir 
Belclare DriveCéide Bhéal Chláir 
Belclare GreenFaiche Bhéal Chláir 
Belclare GroveGarrán Bhéal Chláir 
Belclare LawnsPlásóga Bhéal Chláir 
Belclare ParkPáirc Bhéal Chláir 
Belclare TerraceArdán Bhéal Chláir 
Belclare WayBealach Bhéal Chláir 
Belgrave AvenueAscaill Belgrave 
Belgrave PlacePlás Belgrave 
Belgrave RoadBóthar Belgrave 
Belgrave SquareCearnóg Belgrave 
Belgrave ViewRadharc Belgrave
Belgrave VillasBailtíní Belgrave
Belgrove LawnPlásóg Belgrove 
Belgrove ParkPáirc Belgrove 
Belgrove RoadBóthar Belgrove 
Bella AvenueAscaill Bella 
Bella PlacePlás Bella 
Bella StreetSráid Bella 
BellevilleBelleville 
Belleville AvenueAscaill BellevilleAs teach darbh ainm Belleville, b’fhéidir. Tá bruach­bhaile i bPáras darb ainm Belleville freisin.
BellevueBellevue
Bellevue CottagesIostáin Bellevue
Bellman’s WalkSiúlán an ChlogaireAn mílitriú “Bellmans Walk” atá sa liosta oifigiuil.
Bell’s LaneLána Bell 
Belmont AvenueAscaill Belmont 
Belmont CourtCúirt Belmont
Belmont GardensGairdíní Belmont 
Belmont Park [dhá cheann]Páirc Belmont 
Belmont PlacePlás Belmont 
Belmont VillasBailtíní Belmont 
Belton Park AvenueAscaill Pháirc Belton“Ascaill Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belton Park GardensGairdíní Pháirc Belton“Gairdíní Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belton Park RoadBóthar Pháirc BeltonAs an sloinne. “Bóthar Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belton Park VillasBailtíní Pháirc Belton“Bailtíní Pháirc Bhéalatúin” atá sa liosta oifigiúil.
Belvidere AvenueAscaill Belvidere 
Belvidere CourtCúirt Belvidere 
Belvidere PlacePlás BelvidereAs an teach darb ainm Belvidere House i Sráid Mhór na Danmhairge (scoil anois), a ainmníodh as teideal Sasanach (George Rochfort, “Earl of Belvidere”). An litriú “Belvedere” atá sa liosta oifigiúil.
Belvidere RoadBóthar Belvidere 
BelviewSár-RadharcAr an ainmchlár. Níl an t-ainm seo sa liosta oifigiúil.
Benbulbin AvenueAscaill Bhinn Ghulbain 
Benbulbin RoadBóthar Bhinn Ghulbain 
Benburb StreetSráid na Binne BoirbeAs Cath na Binne Boirbe (1646) i gCo. Thír Eoghain.
Beneavin CourtCúirt Bhinn Aoibhinn 
Beneavin DriveCéide Bhinn Aoibhinn 
Beneavin ParkPáirc Bhinn Aoibhinn 
Beneavin RoadBóthar Bhinn Aoibhinn 
Ben Edar RoadBóthar Bhinn Éadair 
Bengal TerraceArdán Bangal
Benmadigan RoadBóthar Bhinn MhadagáinAs ainm eile ar Bhinn Uamha, Béal Feirste; ceann de ghrúpa sráideanna i nDroimeanach a ainmníodh as sliabhraonta.
Benson StreetSráid Benson 
Beresford AvenueAscaill Beresford 
Beresford GreenFaiche Beresford 
Beresford Lane [dhá cheann]Lána BeresfordBréag-Ghaeilge áiféiseach, “Lána Dúinsméara,” atá ar na hainmchláir.
Beresford LawnPlásóg Beresford 
Beresford PlacePlás BeresfordAs John Beresford.
Beresford StreetSráid Beresford“Sráid Dúinsméara” atá ar na hainm­chláir nua.
Berkeley AvenueAscaill Berkeley 
Berkeley PlacePlás Berkeley 
Berkeley RoadBóthar BerkeleyAs an Easpag George Berkeley. (Is mar “Barkley” a fhuaimnítear an sloinne seo—d’ainneoin na bréag-Ghaeilge “Beirclí” ar roinnt de na hainmchláir.)
Berkeley StreetSráid Ghlas CaonógAr na hainm­chláir. Sean­ainm ar an sruth darb ainm an Bhradóg is ea Glas Caonóg. (Féach freisin Constitution Hill.) “Sráid Berkeley” atá sa liosta oifigiúil.
Berkeley TerraceArdán Berkeley 
Berryfield CrescentCorrán Ghort na Sméar 
Berryfield DriveCéide Ghort na Sméar 
Berryfield RoadBóthar Ghort na Sméar 
BerystedeBerystede 
Bessborough AvenueAscaill BessboroughAs teideal Sasanach (John Ponsonby, “Earl of Bessborough,” Fear Ionaid an Rí), a bunaíodh ar ainm sráid­bhaile i gCo. Ard Mhacha.
Bessborough ParadeParáid Bessborough 
Bethesda PlacePlás BhéiteasdaAs Séipéal Bhéiteasda (Bethesda Chapel), a bhí anseo, a ainmníodh as linn a luaitear sa Bhíobla. Meancóg is ea “Plás Bhéatsáide” (.i. Bethsaida), atá sa liosta oifigiúil.
BettyglenBettyglen 
Bettystown AvenueAscaill Bhaile an Bhiataigh 
Beverly CourtCúirt Beverly
Bigger RoadBóthar BiggerAs Francis Joseph Bigger, scoláire.
Bishop StreetSráid an EaspaigAs Ard­easpag Bhaile Átha Cliath.
Blackberry LaneLána na Sméar Dubh“Lána na Sméar” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Blackditch DriveCéide an Chlaí Dhuibh 
Blackditch RoadBóthar an Chlaí DhuibhAs an mbaile fearainn, nó as an sruth anseo darb ainm Blackditch Stream.
Blackhall ParadeParáid Blackhall 
Blackhall PlacePlás BlackhallAs Thomas Blackhall, Ard­mhéara Bhaile Átha Cliath. Bréag-Ghaeilge áiféiseach, “Plás Bhláthghall,” atá ar na hainmchláir.
Blackhall StreetSráid Blackhall“Sraíd [sic] Blackhall” atá ar na hainmchláir nua.
Blackheath AvenueAscaill an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath CourtCúirt an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath DriveCéide an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath GardensGairdíní an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath GroveGarrán an Fhraoigh Dhuibh 
Blackheath ParkPáirc an Fhraoigh Dhuibh 
Blackhorse AvenueAscaill an Chapaill DhuibhAs ainm tábhairne. “Ascaill an Chiardhuibh” atá ar na hainm­chláir agus sa liosta oifigiúil.
Blackhorse DownsMulláin an Chapaill Dhuibh 
Blackhorse GroveGarrán an Chapaill Dhuibh 
Blackpittsna Cuithí Dubha Sa liosta oifigiúil. Ainmníodh an tsráid as cuithí (claiseanna) súdaireachta a bhí anseo.
Black StreetSráid BlackAs Gibson Black, duine de stiúrthóirí an Artisans’ Dwell­ings Company. “Sráid Uí Dhuibh” atá sa liosta oifigiúil.
Blackwater RoadBóthar na hAbhann Móire 
Blake’s VillasBailtíní an Bhlácaigh
Blarney ParkPáirc na Blarnan 
Blessington CourtCúirt Bhaile Coimín 
Blessington LaneLána Bhaile Coimín 
Blessington PlacePlás Bhaile Coimín 
Blessington StreetSráid Bhaile CoimínAs teideal Sasanach (Charles John Gardiner, “Earl of Blessington”), a ainmníodh as an sráid­bhaile i gCo. Chill Mhantáin.
Bloomfield Avenue [Domhnach Broc]Ascaill Bloomfield 
Bloomfield Avenue [Ráth Maonais]Ascaill BloomfieldAs muintir Bloomfield, a raibh cónaí orthu anseo. “Ascaill Ghort na mBláth [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Bloomfield CottagesIostáin Bloomfield 
Bloomfield ParkPáirc Bloomfield 
Bloom LaneLána BloomAs Leopold Bloom, pearsa san úrscéal Ulysses. Níl an t-ainm seo sa liosta oifigiúil.
Bluebell AvenueAscaill an Chloigín Ghoirm 
Bluebell LaneLána an Chloigín Ghoirm 
Bluebell RoadBóthar an Chloigín Ghoirm 
Blunden DriveCéide Blunden 
Blythe AvenueAscaill BlytheBlythe’s Avenue an t-ainm oifigiúil.
Boardman’s LaneAscaill Boardman 
Bolton StreetSráid an BhóltúnaighAistriú stairiúil. Ainmníodh an tsráid as teideal Sasanach (Charles Paulet, “Duke of Bolton,” Fear Ionaid an Rí), a ainmníodh féin as an mbaile mór. “Sráid Bolton” atá sa liosta oifigiúil.
Bond RoadBóthar Bond 
Bond Road ExtensionSíneadh Bhóthar Bond 
Bond StreetSráid BondAs James Bond (a thóg na sráideanna seo san ochtú haois déag).
Bonham StreetSráid BonhamAs an sloinne. “Sráid Banám [sic]” atá ar na hainmchláir nua.
Boolavogue RoadBóthar Bhuaile Mhaodhóg 
Borris CourtCúirt BorTruailliú de Bor’s Court is ea an t-ainm Béarla (as John Bor, a raibh scoil aige anseo sa seachtú haois déag). “Burris Court,” agus “Cúirt Burris,” atá sa liosta oifigiúil.
Botanic AvenueAscaill na nGarraithe
Botanic ParkPáirc na nGarraithe
Botanic RoadBóthar na nGarraitheAr na hainmchláir. Ainmníodh na bóithre seo as Garraithe Náisiúnta na Lusanna. “Bóthar Gharraithe na Lus [sic]” atá sa liosta oifigiúil.
Botanic VillasBailtíní na nGarraithe
Boundary RoadBóthar na Teorann
Bow Bridgean Droichead CamAs an droichead trasna na Camóige anseo.
Bow Lane, EastLána na hUillinneIs é Elbow Lane an bhun­fhoirm. “Lána na hUillinne Thoir” atá sa liosta oifigiúil. Mí­thuiscint is cúis leis an bhfoirm “Beaux’ Lane,” atá á húsáid anois ag daoine áirithe.
Bow Lane, Westan Lána Cam“Lána na mBóic [sic] Thiar” atá ar ainm­chlár amháin agus “Lána Bow Thiar” ar an gceann eile; “Lána na hUillinne Thiar” atá sa liosta oifigiúil.
Bow StreetSráid BowesIs é Bowes Street an bhun­fhoirm, as John Bowes.
Boyne CourtCúirt na Bóinne
Boyne LaneLána na Bóinne
Boyne RoadBóthar na Bóinne 
Boyne StreetSráid na Bóinne 
Brabazon PlacePlás Brabazon
Brabazon RowRae Brabazon 
Brabazon SquareCearnóg Brabazon 
Brabazon StreetSráid BrabazonAs an sloinne.
Bracken’s LaneLána Uí Bhreacáin“Lána Bhreacáin” atá ar an sean-ainmchlár.
Brainborough TerraceArdán BrainboroughAs an sloinne, b’fhéidir, nó as as an sráid­bhaile i gCumber­land. Foirm mhí­cheart, “Brainsborough,” atá sa liosta oifigiúil.
Braithwaite StreetSráid Braithwaite 
the BramblingsCúirt na nDriseogSa liosta oifigiúil. Éan is ea an brambling (.i. an breacán); ach is dócha gur cheap an tógálaí gur leagan níos galánta de brambles a bhí ann, agus is léir go n-aontaíonn údaráis na cathrach leis.
Branch Road, Northan Craobh-Bhóthar Thuaidh 
Branch Road, Southan Craobh-Bhóthar Theas 
Brandon RoadBóthar Bhréanainn 
Brandon TerraceArdán Bhréanainn 
Breakwater Road, NorthBóthar an Tonnchoisc Thuaidh
Breakwater Road, SouthBóthar an Tonnchoisc Theas 
Bregia RoadBóthar Mhaigh BreáAs seanainm ar dhúiche na Mí. “Bóthar Bhreá” atá sa liosta oifigiúil.
Bremen AvenueAscaill Bremen 
Bremen GroveGarrán Bremen 
Bremen RoadBóthar BremenAs long, an City of Bremen, a cuireadh go tóin poill sa bhliain 1942; ceann de ghrúpa sráideanna sa Rinn a ainmníodh as longa den tréimhse sin.
Brendan Behan CourtCúirt Brendan Behan
Brendan RoadBóthar Bhreandáin 
Brennan’s CottagesIostáin Uí Bhraonáin
Brian AvenueAscaill Bhriain 
Brian Bórú AvenueAscaill Bhriain Bhórú 
Brian Bórú StreetSráid Bhriain Bhórú 
Brian RoadBóthar BhriainAs Brian Bórú.
Brian TerraceArdán Bhriain 
Briarfield GroveGarrán Ghort na Drise“Garrán Ghort na nDriseog” atá sa liosta oifigiúil.
Briarfield RoadBóthar Ghort na Drise“Bóthar Ghort na nDriseog” atá sa liosta oifigiúil.
Briarfield VillasBailtíní Ghort na Drise
Briarfield WalkSiúlán Ghort na Drise
Brickfield DriveCéide Gharraí na mBrícíÁit ina ndéantaí brící as an gcré ba ea garraí brící. “Céide Ghort na mBrící” atá sa liosta oifigiúil.
Brickfield LaneLána Gharraí na mBrící“Lána Ghort na mBrící” atá sa liosta oifigiúil.
Bride CloseClós Bhríde
Bride RoadBóthar Bhríde 
Bride StreetSráid BhrídeSt Bride’s Street an t-ainm oifigiúil. “Bríd-Sráid” (!) atá ar na hainmchláir nua.
Bride Street, NewSráid Nua Bhríde“Sráid Bhríde Nua” atá sa liosta oifigiúil.
Bridgefoot StreetSráid Bhun an DroichidAs teach darbh ainm Bridgefoot. “Sráid Bhun Droichid” atá sa liosta oifigiúil.
Bridge Street [dhá cheann]Sráid an Droichid 
Bridge Street, LowerSráid an Droichid Íochtarach 
Bridge Street, UpperSráid an Droichid Uachtarach 
Bridgeview Halting-SiteStad Radharc an Droichid 
Bridgewater QuayPort an Droichid“Bridge Water Quay,” agus “Cé Uisce an Droichid,” atá sa liosta oifigiúil.
Brighton Avenue [dhá cheann]Ascaill Brighton 
Brighton GardensGairdíní Brighton 
Brighton GreenFaiche Brighton 
Brighton RoadBóthar Brighton 
Brighton SquareCearnóg Brighton 
Britain PlacePlás na Breataine 
Britain QuayCé na Breataine 
Britain Street (Little)Sráid (Bheag) na Breataine“Brittain [sic] Street Little” agus “Sráid na Breataine Bige” atá ar na hainmchláir; “Sráid na Breataine Bheag” atá sa liosta oifigiúil.
Broadstonean Chloch Leathan 
Broadstone AvenueAscaill na BradóigeAr na hainmchláir. (Sruth is ea an Bhradóg.) “Ascaill na Cloiche Leithne” atá sa liosta oifigiúil.
Broadstone PlacePlás na Cloiche Leithne 
Brodir RowRae BrodirAs taoiseach Gael-Lochlannach san aonú haois déag (Bror sa Nua-Ioruais); ceann de ghrúpa sráideanna i mBaile na Lochlannach a ainmníodh as taoisigh Lochlannacha agus Gael-Lochlannacha. “Rae Bhruadair” atá sa liosta oifigiúil.
Brookfield [dhá cheann]Gort an tSrutháin 
Brookfield CourtCúirt Ghort an tSrutháin
Brookfield GreenFaiche Ghort an tSrutháin 
Brookfield RoadBóthar Ghort an tSrutháin 
Brookfield StreetSráid Ghort an tSrutháin 
BrooklawnPlásóg an tSrutháin 
Brookvale RoadBóthar Ghleanntán an tSrutháin 
BrookvilleBaile an tSrutháinAs an mbaile fearainn.
Brookville CrescentCorrán Bhaile an tSrutháin 
Brookville Park [dhá cheann]Páirc Bhaile an tSrutháin 
Brookwood AvenueAscaill Choill an tSrutháin 
Brookwood CrescentCorrán Choill an tSrutháin 
Brookwood DriveCéide Choill an tSrutháin 
Brookwood GlenGleann Choill an tSrutháin 
Brookwood GroveGarrán Choill an tSrutháin 
Brookwood HeightsArda Choill an tSrutháin 
Brookwood LawnPlásóg Choill an tSrutháin 
Brookwood MeadowCluain Choill an tSrutháin 
Brookwood ParkPáirc Choill an tSrutháin 
Brookwood RiseArd Choill an tSrutháin 
Brookwood RoadBóthar Choill an tSrutháin 
Broome Bridge CloseClós Dhroichead Broome
Broome Bridge RoadBóthar Dhroichead BroomeBroome Bridge is ainm don droichead trasna na Canála Ríoga anseo (as William Broome, duine de stiúrthóirí an Royal Canal Company). An mí­litriú “Broombridge” (atá anois sa liosta oifigiúil) is cúis leis an ainm “Bóthar Dhroichead na Giolcaighe,” a bhí ar na sean-ainm­chláir. Ainm scannalach mícheart, “Droichead na Scuab,” atá ar an stáisiún traenach agus ar thraenacha an DART.
Brown Street, NorthSráid an Bhrúnaigh Thuaidh
Brown Street, SouthSráid an Bhrúnaigh Theas 
Brunswick PlacePlás Brunswick 
Brunswick Street (North)Rae an ChainéilAr na hainm­chláir; as sean­ainm na sráide, Channel Row. “Sráid Brunswick Thuaidh” atá sa liosta oifigiúil.
Brunswick VillasBailtíní Brunswick
Buckingham PlacePlás Buckingham
Buckingham Street, LowerSráid Buckingham Íochtarach 
Buckingham Street, UpperSráid Buckingham UachtarachAs teideal Sasanach (George Nugent-Temple-Grenville, “Marquis of Buckingham,” Fear Ionaid an Rí), a ainmníodh as an mbaile mór.
Bulfin GardensGairdíní Bulfin 
Bulfin RoadBóthar BulfinAs William Bulfin, scríbhneoir.
Bull Alley StreetSráid Scabhat an TairbhAs ainm tábhairne, is dócha. “Sráid an Bhulla” atá ar na hainm­chláir; “Sráid Scabhat na dTarbh” atá sa liosta oifigiúil.
Bull WallBalla an BhullaDhá ghuaire ba ea an North Bull agus an South Bull; tá an balla agus an cosán seo san áit a raibh an North Bull. (Deirtear gur ainmníodh iad as búir na farraige, rud atá deacair a chreidiúint.)
Bull Wall CottagesIostáin Bhalla an Bhulla 
Bunratty AvenueAscaill Bhun Raite 
Bunratty DriveCéide Bhun Raite 
Bunratty RoadBóthar Bhun RaiteAs an mbaile i gCo. an Chláir.
Bunting RoadBóthar BuntingAs Edward Bunting, bailitheoir ceoil; ceann de ghrúpa sráideanna i mBaile Bhailcín a ainmníodh as ceoltóirí.
Burgess LaneLána Burgess
Burgh QuayCé de BúrcaAs Elizabeth Burgh. “Cé an Bhúrcaigh” atá sa liosta oifigiúil agus ar na hainm­chláir nua, ach ní dóigh go n-oireann an fhoirm sin d’ainm mná.
Burke PlacePlás an Bhúrcaigh 
Burleigh CourtCúirt Burleigh 
Burlington GardensGairdíní Burlington 
Burlington RoadBóthar Burlington 
BurnsideTaobh an tSrutháin 
Burren CourtCúirt Bhoirne 
Bushfield AvenueAscaill Achadh na dTor“Ascaill Ghort na dTor” atá sa liosta oifigiúil.
Bushfield PlacePlás Achadh na dTor“Plás Ghort na dTor” atá sa liosta oifigiúil.
Bushfield SquareCearnóg Achadh na dTor“Plás Ghort na dTor” atá sa liosta oifigiúil.
Bushfield TerraceArdán Achadh na dTor“Ardán Ghort na dTor” atá sa liosta oifigiúil.
Bushy Park GardensGairdíní Pháirc na dTor 
Bushy Park RoadBóthar Pháirc na dTorAs teach darbh ainm Bushy Park, a ainmníodh as an sloinne Bushe (faoi thionchar ainm na páirce móire gar do Londain, is dócha).
Buttercup AvenueAscaill na bhFearbán 
Buttercup CloseClós na bhFearbán 
Buttercup CrescentCorrán na bhFearbán 
Buttercup DriveCéide na bhFearbán 
Buttercup GreenFaiche na bhFearbán 
Buttercup ParkPáirc na bhFearbán 
Buttercup SquareCearnóg na bhFearbán 
Buttercup TerraceArdán na bhFearbán 
Byrne’s CottagesIostáin Uí Bhroin
Byrne’s Lane [dhá cheann]Lána Uí BhroinAn mílitriú “Byrnes Lane” atá sa liosta oifigiúil.

A  B  C  D  E  F  G  H  I  J  K  L  M  N  O  P  Q  R  S  T  U  V  W  X  Y  Z

Eastáit tionsclaíocha


Ceartuithe agus moltaí chuig

  Réamhrá
  Leathanach baile