![]() | ![]() |
Séamas Ó Brógáin
![]() |
| Tá patrúin éagsúla d’ainmchláir shráide le feiceáil i mBaile Átha Cliath, gach patrún acu níos gránna ná an ceann a chuaigh roimhe. Tá ainmchláir uaine agus ainmchláir ghorma ann, an cló Gaelach ar chuid acu agus an cló Rómhánach ar an gcuid eile. Tá beartas ann le fada na hainmneacha a bheith go hiomlán i gceannlitreacha (atá i bhfad níos deacra a léamh) agus ansin an t-ainm Gaeilge a bheith i litreacha cúngaithe, sa chaoi go bhfuiltear ábalta a mhaíomh gur ar cóimhéid atá an dá ainm, cé go bhfuil litreacha an ainm Ghaeilge níos lú i ndáiríre, agus níos éadroime.
I gceantar áirithe tá ainmchláir a bhfuil painéal breise orthu agus Temple Bar air (i mBéarla amháin); i gceantar eile tá an focal Docklands curtha leis na hainmneacha; i gceantar Shráid Thomáis tá ainmchláir nua a chuir cuideachta phríobháideach suas, de réir cosúlachta, agus scéim dathanna na cuideachta sin—dubh agus órdhath—orthu. Ar na hainmchláir seo tá ainmneacha Gaeilge atá ceart, mícheart, nó níos measa ná mícheart. (Tá neart drochshamplaí le feiceáil ar shuíomh Phóil Uí Dhuibhir.) Tá sráideanna ann a bhfuil dhá ainm Ghaeilge orthu ar ainmchláir éagsúla (agus na hainmneacha éagsúla sin os comhair a chéile nó in aice a chéile uaireanta); tá sráideanna ann a bhfuil ainmchláir orthu gan aon ainm Gaeilge; tá roinnt sráideanna eile ann nach bhfuil ainmchlár ar bith orthu. Ó thús an fhichiú haois dhéanadh iarrachtaí ó am go chéile ar shráideanna a athainmniú in onóir pearsana Éireannacha agus go háirithe chun na hainmneacha is gallda a chur ar ceal. Níor éirigh ach le beagán de na hiarrachtaí sin. |
![]() |
| Tá gá le comharthaí sráide a bhféadfadh muintir na cathrach a bheith bródúil astu |
An liosta seoCuireadh tús leis an tionscadal seo sa bhliain 1999, toisc nach raibh aon liosta eile ann. Bhí sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath liosta oifigiúil a thiomsú agus a fhoilsiú, ach ní raibh a dhath le fáil. (Ba sa bhliain 1909 a ghlac an chomhairle cathrach den chéad uair leis an rún sin, ach níor cuireadh i bhfeidhm é i gcúig bliana is nócha.) Bhí roinnt ainmneacha bailithe agus fíoraithe agamsa cheana; agus nuair a insíodh dom den tríú huair i dtréimhse fiche bliain nach mbeadh liosta oifigiúil le fáil go fóill, bheartaigh mé ar an liosta seo agamsa a chomhlánú agus é a fhoilsiú ar an suíomh seo. Ansin sa bhliain 2004, agus an liosta seo chóir a bheith críochnaithe, d’fhoilsigh an chomhairle cathrach a liosta oifigiúil.Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath / Dublin City Streetnames [sic]: English–Irish, Gaeilge–Béarla is teideal don leabhrán oifigiúil. Faraor, tá an liosta sin breac le botúin, idir Bhéarla agus Ghaeilge—míthuiscint, mí-aistriú, agus mílitriú. Ag an am céanna cuireadh deireadh le dornán ainmneacha ar leith (ina measc ainmneacha traidisiúnta agus aistrithe traidisiúnta) a bhí ar na hainmchláir ar feadh na mblianta agus a bhfuil taithí ag an bpobal orthu, ar mhaithe le beartas (de réir cosúlachta) nach mbeadh sna hainmneacha Gaeilge ach aistriúchán de na hainmneacha Béarla. Glactar fós leis an mbréag-Ghaelú (leithéidí “Ardán Shiobhán” ar Susan Terrace agus “Plás Liam Mhic Fheorais” ar Willie Bermingham Place), gnás a threisíonn an tuairim choitianta gur códú den Bhéarla atá sa Ghaeilge, seachas teanga ar leith. Ní liosta iomlán é ach an oiread: tá na céadta ainm in easnamh. (Measaim go bhfuil 4,264 shráid a bhfuil ainm ar leith acu i limistéar na cathrach; 3,783 atá sa liosta oifigiúil.) Feictear dom, dá bhrí sin, gur chóir dom an liosta seo a choinneáil mar acmhainn do phobal na Gaeilge agus é a fheabhsú de réir a chéile, cé nach bhfuil aon stádas oifigiúil aige. Ní léir cén chaoi is fearr plé le haicmí áirithe ainmneacha. An “sráid” í sraith tithe ar cuid í de shráid eile ach a bhfuil ainm ar leith uirthi? Ós rud é go n-úsáidtear na hainmneacha sin mar sheoltaí, feictear dom nach foláir dom iad a chur san áireamh. Maidir le stuaraí agus le “margaí,” le sráideanna príobháideacha, agus le bóithre laistigh d’eastáit tionsclaíocha, ní léir uaireanta cén ceann de na haicmí sin lena mbaineann sráid ar leith. Dealraíonn sé nach bhfuil beartas oifigiúil ann: níl Stuara Grafton, an Bealach Ríoga Ibeirneach ná Lána Bloom sa liosta oifigiúil, ach tá Margaí Dheisceart na Cathrach agus Plás Stokes (bealach príobháideach isteach i gceap oifigí) ann, mar aon le roinnt mhaith bóithre laistigh d’eastáit tionsclaíocha. Toisc nach raibh mé ábalta a dhearbhú cé na sráideanna ar leis an gcomhairle cathrach iad, is é an beartas a chuirim i bhfeidhm anseo aitheantas a thabhairt do na háiteanna sin a bhfuil ainm orthu agus a bhfuil cead isteach ag an bpobal iontu (de réir m’fhianaise féin). Na hainmneacha Gaeilge1. Tá dornán sráideanna ann a raibh ainm Gaeilge orthu atá níos sine ná an t-ainm Béarla (ar feadh ár n-eolais), mar shampla Sráid Loch Buí (Bow Street), Sráid Ghiolla Mocholmóg (St Michael’s Close). San aicme chéanna tá na hainmneacha sin ar féidir linn “aistriú stairiúil” a thabhairt orthu, is é sin aistriú a rinne pobal na Gaeilge roimh ré na hathbheochana, mar shampla Sráid an Fhíona mar aistriú ar Winetavern Street.2. Grúpa beag eile a bhfuil an t-údarás céanna leo i mo thuairimse is ea na hainmneacha sin ar aistriú iad den ainm Béarla is sine, atá ar na hainmchláir (nó a bhí go dtí le déanaí), agus a bhfuil taithí ag an bpobal orthu, mar shampla Sráid Thobar Phádraig (Nassau Street), Port Chaoimhín (Camden Street, Lower), Cnoc na Lobhar (Townsend Street). 3. Tá roinnt ainmneacha Gaeilge le feiceáil ar na sean-ainmchláir ar féidir linn “bréag-aistriú” a thabhairt orthu, a chuireann i gcéill gur ainm Gaeilge a bhí ann ar dtús agus gur truailliú den ainm sin é an t-ainm Béarla, mar shampla “Plás Dhún Sméara” (Plás Beresford). Na leabhair dar teideal Post-Sheanchas le Seosamh Laoide (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1905, 1911, 1922) is bunús le formhór na n-ainmneacha sin. Glacaim sa liosta seo le dornán bréag-aistrithe a bhfuil taithí ag an bpobal orthu (de réir mholtaí an Choimisiún Logainmneacha), mar shampla Sráid Fhearchair (Harcourt Street), Sráid Maoilbhríde (Marlborough Street). 4. I ngach cás eile rinne mé iarracht ar aistriú cruinn den ainm Béarla a sholáthar. Sa tríú colún den liosta tá nótaí a chuireann stair nó brí an ainm Bhéarla in iúl nuair is gá nó a mhíníonn an fáth ar roghnaigh mé leagan áirithe Gaeilge. Foirm na n-ainmneachaMaidir le téarmaíocht agus le pointí áirithe stíle cloím le moltaí an Choimisiún Logainmneacha, a foilsíodh i gcomhar leis na húdaráis áitiúla in Na Leaganacha Gaeilge d’Ainmneacha Sráideanna, Bóithre agus Eastát: Treoirlínte (Baile Átha Cliath: Coimisiún Logainmneacha, 1992), cé nach ar aon luach atá moltaí uile an leabhráin sin. Dé réir an bheartais “go mbeadh leagan amháin Gaeilge ag freagairt do leagan amháin Béarla, chomh fada agus ab fhéidir,” déantar idirdheighilt amhrasach idir roinnt de na téarmaí aicmeacha: idir flats (“árasáin”) agus apartments (“leithlanna”), idir mead (“móinéar”) agus meadow (“cluain”), idir copse (“rosán”) agus spinney (“roschoill”). Is aisteach an moladh “ceapach” (.i. plota talún ina gcuirtear plandaí) a úsáid i gcomhair glade (spás nó plásóg i gcoill). Téarma aisteach eile is ea “bailtín” (.i. baile beag) i gcomhair villa, ach níor éirigh liom rogha níos fearr a fháil.Ainmneacha dílse (idir ainmneacha pearsanta agus ainmneacha áite). Ní ghlacaim leis an nós atá coitianta ag an nGaeilge oifigiúil (murab ionann is an Ghaeltacht) ainmneacha gallda a “Ghaelú” agus foirmeacha truaillithe a chruthú nach Gaeilge ná Béarla iad (agus a dhéanann ceap magaidh den Ghaeilge), leithéidí “Sráid Dhásain” (Sráid Dawson) agus “Bóthar Lansdún” (Bóthar Lansdowne). Tá dornán ainmneacha Gaelaithe ann le blianta fada, áfach, a nglactar go forleathan leo (Muinseo, Sión, Sitric). Ainmneacha agus sloinnte. (1) Ainm agus sloinne araon: fágaim iad mar a d’úsáid an duine féin iad (m.sh. Bóthar John Field). (2) An sloinne amháin (nó sloinne agus teideal): (a) sloinnte a bhfuil Ó nó Mac mar thús leo ina mbunfhoirm Ghaeilge: déanaim iad a infhilleadh mar is gnách (m.sh. Lána Uí Bhroin); (b) sloinnte eile: bainim úsáid as an “bhfoirm ainmfhoclach,” más ann dó (m.sh. Sráid an Phiarsaigh). Ainmneacha naomh. De réir ghnás na Gaeilge, ní chuirtear aon teideal de ghnáth le hainm naomh Bíobalta ná le hainm naomh Éireannach den Ré Luath-Chríostaí nuair a úsáidtear é chun ainm eile a cháiliú (m.sh. Bóthar Mhuire, Sráid Chaoimhín), ach cuirtear “San” le hainm naoimh eile (m.sh. Lána San Caitríona, Sráid San Nioclás). Logainmneacha iasachta. Aon áit a bhfuil easainm seanbhunaithe Gaeilge ann (m.sh. Eabhrac [York]), glacaim leis. I ngach cás eile—is é sin nuair nach bhfuil ann ach rogha idir easainm Béarla agus an t-ainm sa teanga dhúchais (m.sh. Pembroke [Penfro], Tuscany [Toscana])—is é an t-ainm dúchais a úsáidim. Ainmneacha dílse i nGaeilge na hAlban. Cloím leis an litriú údarach ach bainim úsáid sa chomhthéacs seo as an agúid (´) seachas as an ngraif (`) mar shíneadh fada. Ainmneacha nach féidir a aistriú. Tugadh ainmneacha meonúla ar roinnt mhaith sráideanna nua (m.sh. Ayrfield, Seabury). Mura bhfuil a fhios agam cad is bunús nó brí le hainm dá leithéid sin (agus níl aon bhunús ná brí le cuid acu) is é an beartas atá agam an t-ainm sin a fhágáil mar atá. Ainmneacha tithe. Is fiú aird a thabhairt ar na hainmneacha a thug na mionuaisle agus an mheánaicme ar a dtithe móra, go háirithe san ochtú agus sa naoú haois déag (tithe a scriosadh, den chuid is mó, chun eastáit tithíochta a thógáil). Baineadh úsáid as tacar de mhíreanna Fraincise—Beau, Belle nó Bel (álainn), Champ nó Camp (páirc), Mer (an mhuir), Mont (cnocán), Ville (baile), agus Vue (radharc)—mar aon le Field, Mount, Park, Vale, View agus míreanna eile Béarla, chun ainmneacha galánta a chruthú, leithéidí Beaumont, Beauvale, Belcamp, Belleville, Bellevue, Merchamp, Merville. Uaireanta eile baineadh úsáid as an sloinne, nó giota de, mar shampla Delville [Delaney], Warrenmount, nó as ainm bhean nó iníon an úinéara, mar shampla Bettyglen, Ellenfield, Maywood. Nuair is eol dúinn gur ainmníodh bóthar as teach a raibh ainm dá leithéid sin air, fágaim an t-ainm sin mar atá. Ainmneacha long. Ainmníodh grúpa sráideanna sa Rinn as longa Éireannacha a chuir fórsaí de chuid na Gearmáine go tóin poill le linn an Dara Cogadh Domhanda: Bremen Road srl. (as an City of Bremen), Clonlara Road, Cymric Road, Isolda Road, Kyleclare Road, Leukos Road, agus Pine Road (as an Irish Pine); ainmníodh sráid eile, Kerlogue Road, as long a rinne gníomh daonnachtúil sa tréimhse sin. Is é Bóthar an Cymric srl. atá agamsa, i gcontrárthacht le “Bóthar Cymric” srl. sa liosta oifigiúil, nach léiríonn gurbh as ainmneacha long a ainmníodh na sráideanna sin. Ainmneacha cáilithe. Tá taithí fhada ag an bpobal ar ainmneacha cáilithe ar nós “Sráid Uí Chonaill Íochtarach,” cé go n-oirfeadh “Sráid Íochtarach Uí Chonaill” níos fearr do chomhréir na Gaeilge. (Dála an scéil, is é a chiallaíonn íochtarach ná níos cóngaraí do lár na cathrach nó don Life; ciallaíonn uachtarach níos faide ó lár na cathrach nó ón Life.) Cad ba chóir a dhéanamh le cáilitheoirí eile? Tá cuma an-aisteach ar “Sráid Bhríde Nua,” “Sráid na Breataine Bheag,” agus “Sráid Sheoirse Mhór Theas,” atá sa liosta oifigiúil. Is é an beartas atá curtha i bhfeidhm sa liosta seo ná na cáilitheoirí Uachtarach, Láir, Íochtarach, Thuaidh, Theas, Thoir agus Thiar a chur ag deireadh an ainm, mar is gnách, ach aon cháilitheoir eile ar aidiacht é a chur i ndiaidh an téarma aicmigh (Sráid Nua Bhríde, Sráid Bheag na Breataine, Sráid Mhór San Seoirse Theas). Tá roinnt ainmneacha ann a ngabhann cáilitheoir leo nach bhfuil gá leis (toisc go bhfuil sráid eile athainmnithe nó imithe ar fad) ach a úsáidtear fós sa chruth sin, mar shampla Cumberland Place (North). Cuirim na cáilitheoirí sin idir lúibíní. BuíochasTáim buíoch de na daoine seo a leanas, a sholáthair eolas, a cheartaigh botúin, nó a phléigh pointí éagsúla liom: Breandán Dalton, Paul Kenny, Dennis King, an Dr Kristoffer Kruken (Ollscoil Oslo), Ian Livingstone, Trish Loughman, Seosamh Mac Ionnrachtaigh, an Dr Vincent Morley, Ciarán Ó Bréartúin, Colm Ó Brógáin, an Dr Caoimhín Ó Donnaíle (Sabhal Mòr Ostaig, an t-Eilean Sgitheanach), agus Pól Ó Duibhir. Táim buíoch go speisialta den Dr N. J. A. Williams (Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath), a chuir liostaí ainmneacha chugam agus eolas ar fhoinsí tábhachtacha.Agus cathracha eile?Tá tionscadal curtha ar bun faoin Northern Ireland Place-Name Project le hainmneacha sráide i mBéal Feirste (agus i mbailte eile an Tuaiscirt) a aistriú go Gaeilge agus a fhoilsiú. I dtaca le Corcaigh tá liosta le fáil anois ar shuíomh gréasáin Leabharlanna Cathrach Chorcaí; chomh maith leis sin tá Coiste Logainmneacha Chorcaí ann (logainmneacha@gmail.com). Maidir le Luimneach tá liosta oifigiúil ann agus é ar fáil i leabhar an-deas, Limerick City Street Names le Gerry Joyce (Luimneach: Comhairle Cathrach Luimnigh, 1995), ina bhfuil cur síos ar na príomhshráideanna agus a stair. I nDoire tá eolas le fáil ó Dhoire le Dúchas, 37 Mórshráid Shéamais. Maidir le Port Láirge tá Innéacs Sráide agus Bailte Fearainn (Béarla–Gaeilge agus Gaeilge–Béarla), a foilsíodh sa bhliain 1999, le fáil ón gcomhairle cathrach; chomh maith leis sin tá Coiste Logainmneacha Phort Láirge ann (kimber@gofree.indigo.ie). I nGaillimh tá Coiste Logainmneacha ag feidhmiú faoin tionscadal Gaillimh le Gaeilge. |
| Ceartuithe agus moltaí chuig |
![]() | ![]() |